Dia Linn…?

Fuair muid cuireadh ó chomhghleacaí liom, chun freastal ar ócáid chárail Nollag in eaglais áitiúil i Nottingham. Bhí a fhios agam go raibh mo pháirtnéir ceanúil ar chárail Nollag, agus cheap mise go mbeadh sé go deas dúinn rud éigin difriúil a dhéanamh ar oíche fhionnuair Dhomhnaigh ag tús na Nollag, mar sin chinntigh muid chun dul.

Críostaí cleachtúil is ea mo chomhghleacaí. Tá sí ina ball d’eaglais i gcathair Nottingham, agus tréadaí (pastor) is ea a hathair. Tugann sí ‘Críostaí’ uirthi anois is arís, i gcomhthéacs chur síos a dhéanamh ar imeacht shóisialta, ar thuras a dhéanamh le cairde, nó fiú agus í ag caint faoin méid a rinne sí thar an deireadh seachtaine. Mar aindiachaí, is annamh dom teacht ar dhuine ar chomhaois liomsa, a bhfuil an Chríostaíocht ina cuid lárnach dá s(h)aol. Leis an gcara áirithe seo, sin mar atá. 

Ní eaglais thipiciúil í ionad cheol na hoíche seo. Tá sí lonnaithe i lár eastát tionscadail ar thaobh iarthair na cathrach, tógtha le stáin agus concréid, mar a rinneadh leis na hoifigí agus na monarchain béal dorais. Baintear úsáid as le linn na seachtaine mar ionad imeachtaí don lucht gnó áitiúil, agus tá caifé deas ann fosta, le stíl Lochlannach. Ní bheadh an ‘eaglais’ seo as áit taobh le IKEA, b’fhéidir.

Caithfear a admháil, araon le ollmhargadh dhearadh na Sualannach, tá an ionad seo chomh plódaithe le daoine is a bheadh IKEA. Tá go leor daoine ag siúl isteach tríd na doirse, áit a bhfuil beirt ina seasamh chun fáilte a chur roimh dhaoine, agus chun pióga mionra a thairiscint, iad saor in aisce. Tríd an halla agus isteach san eaglais nua-aimseartha seo, tá cuma ar an áit go bhfuil seó mór teilifíse le taifeadadh anocht. Soilse deas ag dreapadh ón díon, agus stáitse mór, le ceolbhuíon ag ullmhú don taispeántas. Tá dhá scáileán mór ag gach taobh den stáitse, agus is léir go raibh go leor airgid caite chun snas ceart a chur ar an ócáid seo.

Tá ríméad ar mo chara gur tháinig muid, lánúin aerach as Éirinn a bhfuil cónaí againn le chéile i Nottingham le bliain anuas. Tugann sí barróg mór don mbeirt againn, agus taispeánann sí dúinn an áit chun caife (saor in aisce) a fháil sula dtosnaíonn an ‘seó’. Míníonn sí nach í seo “a heaglais”, ach go bhfreastalaíonn sí ar na seirbhísí ceoil “mar tá cairde ann anseo, agus tá caighdeán an cheoil chomh maith sin”.

Tá an ceart aici. Ó thús go deireadh, tá an cuma ar an ‘seó’ Críostaíoch seo gur clár beo-thaifeadtha de chuid an BBC é seo. Tá an ceol déanta ar chaighdeán iontach. Tá cainteanna ann idir na hamhráin, ag caint faoi bhreith Chríost, faoi theacht an Tiarna, agus faoin gcaoi ar féidir Leis sinn a shábháil ón mbás. Nuair a bhí na hóráidí déanta, chuaigh muid ar ais chun an cheoil.

Ní Críostaí mise; tógadh gan chreideamh mé agus níor fhoghlaim mé mórán ó bheith ar scoileanna Protastúnacha agus Caitliceacha. Is “Caitliceach cultúrtha” é mo pháirtnéir, .i. gur tógadh mar Chaitliceach é, agus cé nach gcreideann sé, glacann sé páirt san Aifreann agus é ag céiliúradh bainise nó ag freastal ar shochraid. Ba eispéireas nua don mbeirt againn é an seirbhís seo. Bhí lámha in airde ag roinnt den lucht fhéachana, agus iad ag canadh na gcáral. Bhí sé soiléir go raibh creideamh láidir acu in Íosa, nuair a bhí lucht an stáitse ag caint faoi, agus á mholadh. Bhí sé soiléir, freisin, go raibh pobal bailithe le chéile san ionad seo; pobal a bhí láidir, measctha idir óg agus aosta (an-chuid acu óg, murab ionann agus lucht an Aifrinn ag eaglaisí in Éirinn), agus pobal a raibh aithne acu ar a chéile. Ní fhaca mise a leithéid de ghrúpa reiligiúnda riamh inár dtír dhúchais.

Sin ráite, ní raibh mé riamh ach ag Aifrinn na hEaglaise Caitlicí, nó cúpla seirbhís de chuid Eaglais na hÉireann. Ní raibh aon taithí agam ar eaglais Phrotastúnach nua-aimseartha ar nós na heaglaise seo i Nottingham.
Tháinig deireadh leis an ócáid, agus bheannaigh lucht an stáitse slán abhaile againn. Thug muid barróga do mo chara, agus ar ais linn go dtí ár ngluaisteán.

“Bhuel”, arsa muid lena chéile, “céard a cheap tú faoi sin?”

Bhí cineál mearbhaill orainn. Ní fhaca muid riamh pobal a bhí chomh ‘nascaithe’ lena gcuid creidimh i gCríost, agus cé go raibh sé suimiúil lena fheiceáil, níor imigh muid uaidh mar Chríostaithe nua-bhaistithe. Ní chreidim in aon dia. Creidim fós nach raibh ann i gCríost ach fealsúnaí ársa eile, araon le Búda nó Gandhi. Creidim go fóill nach bhfuil a leithéid de Neamh ann, ach seans amháin chun taitneamh agus luach a bhaint as do chuid ama ar an Neamh álainn seo. I ndiaidh an bháis, téann tú ar ais chun an fhóid, agus leanann do chuid fuinneamh ar aghaidh mar a leanann gach rud eile sa saol, le do chuid adamh ag athrú i gcónaí ó chruth go cruth.

Séard a bhí foghlamtha agam ón oíche sin, áfach, ná go gcuireann na Protastúnaigh seo ceolchoirm iontach ar siúl. Seans go bhfreastalóinn air arís.





Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: