Shuí mé taobh leis an bhfuinneog, ag fanacht chun an traein a fhágáil ó stáisiún Nottingham, agus chun an turas go Londain a thosnú. I ndiaidh cúpla lá liath scamallach, bhí tráthnóna na hoíche sin go breá; ó spéir ghorm, go spéir rua, nuair a d’éirigh sé níos dorcha, le nóiméad corcra le feiceáil sa chlapsholas. Nuair a thosnaigh an traein ag gluaiseacht síos an iarnróid, mhothaigh mé ag smaoineamh ar na mílte rud a bhí ar intinn agam lena dhéanamh sa chathair mhór. Bualadh le mo chol ceathrar leath-Éireannach, a raibh ag iarraidh post buan nua a aimsiú sa chathair. Oíche mhaith chodlata a fháil san óstán, roimh obair fhada a dhéanamh ar maidin ag ócáid phoiblíochta in óstán eile (a bhí níos galánta ná an ceann ina rabhas féin ag fanacht), agus roimh leanúint ar aghaidh chun oibriú ag photoshoot in iarthar Londan. Caife a fháil ag stáisiún Shan Pancras le cara óm’ choláiste, sula mbeadh orm traein eile a fháil abhaile, go ‘Cathair na dTithe Uaimh’ – Nottingham.
Fad is a bhí an liosta le-déanamh seo á scríobh suas agam i mo cheann, thosaigh mé ag mothú faoi bhrú, nó b’fhéidir go raibh an caifé ó Starbucks ina chúis leis sin. Go híorónach, bhí comhrá agam lem’ Mham níos luaithe inniu, agus mé ag tabhairt comhairle di nár cheart fuinneamh a chur amú le strus agus a leithéid. Cén fáth go gcuirfeá tú féin faoi bhrú, nuair nach bhfuil sé de dhíth? Is cosúil gur gá dom glacadh leis sin fosta, cibé rud faoi imní mo mháthar. Fós, bhí sé suimiúil go ndéantar dearmad ar an gcomhairle a thugann tú do dhaoine eile, gan é a thuiscint tú féin.
Agus Theresa May ag dul go Meiriceá chun bualadh leis an Uachtarán Óráiste, éiríonn leis an meme áirithe sin a bheith níos óiriúnaí ná ariamh; Trump to the left of me, Brexit to my right; Éire I am – stuck in the middle with EU. Le gach aon chéim chun ‘cinn’ a thóg rialtas na Breataine le déanaí, éiríonn mise agus an leath eile níos deimhnithe, nach fada a bheidh muid ag fanacht thart i Sasana chun ‘Breatimeacht’ a fheiceáil lenár súile féin. Is deacair, áfach, a rá go muiníneach go bhfuil pobal na tíre seo in éadan na nEorpach dá bhfuil ann anseo cheana féin.
“It’s alright for you”, arsa duine de mo chuid comhghleacaithe liom, “you’re able to leave. We’re stuck here.” Sasanach atá ann, a bhfuil blas láidir Bhéarla lár-tíre Shasana aige. Ar shlí, níorbh é go raibh éad air romham, ach go raibh brón nó náire air – le haghaidh an nóiméid áirithe sin – gur Sasanach a bhí ann. Bhí a leithéid feicthe agam ó dhaoine eile. Cé go raibh go leor ceantar ann i Nottinghamshire a vótáil ar son imeacht as an AE, bhí cuid den gcontae, ceantar darb ainm Rushcliffe, a bhí go láidir ar son fanacht laistigh. Bhí mo bhaile féin, West Bridgford, i gceartlár Rushcliffe, agus mar sin bhí cineál slándála le mothú ann. Bhí mo chomharsana ar aon intinn liom, ach ag an am céanna, ní raibh gach duine a d’oibrigh mé leis ina chónaí i Rushcliffe. Caithfidh go raibh daoine sa chomhlacht a vótáil chun imeacht, cé go bhfuil go leor ball foirne eachtrannach sa chomhlacht. Seans go ndéarfaidís go raibh siad in éadan na heagraíochta nó in éadan an chórais, ach ar leibhéal eile, bhéidís in éadan na nEorpach fosta. Mise san áireamh.
Níor dúirt éinne liom aon rud gáirsúil, droch-bhéasach, ná ciníoch – roimh nó i ndiaidh an reifrinn. Caithfear sin a shoiléiriú. Sin ráite, d’athraigh ionainn an mothúchán agus an dúil chun bheith inár gcónaí i Sasana mar gheall ar an méid a cheap formhór na Sasanach maidir le hEorpaigh, an Aontas Eorpach, agus inimirce sa Bhreatain. Bíodh sinn geal, bíodh sinn Éireannach, bíodh sinn meán-aicmeach. Eachtrannaigh a bhí ionainn, agus mar sin, bhí deireadh na fáilte romhainn, ba chosúil.
Ar shlí, strus eile a bhí ann dom; a bheith ag mothú nach raibh fáilte romham sa tír seo a thuilleadh, cé nach raibh rud ar bith ráite liom. Bhí sé ar nós a bheith chun briseadh suas le leannán; bhí tú fós ann, ach bhí a fhios agat go raibh an deireadh le teacht.
Íomhá clúdaigh: Pixabay
Leave a Reply