Is fada é, ó chonaic muid a chéile;
Ach anois, suíonn tú,
Ag fanacht orm sa chaifé,
Cupán páipéir i do lámha agat.
Éiríonn tú mar a shiúlaim chugat,
Le dlúthbharróg a thabhairt dom
Ach in ainneoin na hiarrachta,
Is folamh é – tús na haithrise.
“It’s been a long time, buddy“,
A dheireann tú liom;
Leasainm, lena thaispeáint
Nach raibh tú sásta lenár gciúnas.
Tosaímse ag déanamh tuairisce
Ar an gcúis go bhfuilim sa bhaile;
Ag caint faoi chúrsaí oibre
Agus nithe eile ar dhromchla an tsaoil.
Amharcaim ort, mar
Is beag a d’athraigh tú;
Beagáinín níos sine,
Do chuid gruaige níos gile ‘nois.
Tionchar ar do bhlas cainte
Ó do leath eile cathrach;
Blas ár n-áite dúchais
Beagnach dochloiste uait.
Fad is a bhí tú
Ag caint faoi scéalta is stair
Ar nós eipeasóid fhicsin a chaill mé,
Tugaim faoi ndeara
Gurbh ionraice mé dúinn
Ná an iarracht seo anois,
Gan againn ach ár gcuid óige
Ina nasc leochaileach, lag.
Nócha nóiméad cainte
Ag éisteacht le dráma do shaoil;
Admhaíonn tú féin é
Gur gnáthrud duitse é sin.
Níl mise ró-dhifriúil, ar shlí,
Agus déanaim machnamh mall
Ar na scéalta móra a insint,
Ach deirim liom go bhfuil siad róluachmhar duit.
Druideann an t-am,
Ár gcuid caife ólta,
Barróg fuar eile
Chun slán eile a fhágáil
Agus ag spéir ag caoineadh
In ómós dár gcairdeas:
Curtha faoi dheireadh faoin bhfód.
–
Baile Átha Cliath, 6 Feabhra 2017
(Íomhá clúdaigh: Pixabay)
Leave a Reply