Léirmheas: “An t-Iriseoir” le Michelle Nic Pháidín

Foréigean sa bhaile, dochar na ndrugaí, caidrimh bhriste, cairdeas buan. Tá go leor ar siúl in An tIriseoir, an chéad úrscéal de chuid Michelle Nic Pháidín, arna chur i gcló ag Cois Life.

Díríonn an scéal nua seo ar Bhríd, iriseoir díograiseach as Tír Chonaill atá tar éis post úr a thógáil le nuachtán mór i mBaile Átha Cliath. Iriseoir cumasach atá inti, de réir an méid daoine san oifig a bhfuil éad orthu í a fheiceáil. Go gairid i ndiaidh di tosnú sa phríomhchathair, áfach, iarrtar ar Bhríd dul abhaile chun scéal mór coiriúlachta a chlúdach don nuachtán. Is ar ais sa bhaile a chaithfidh sí déileáil le níos mó ná a cuid oibre; ní mór do Bhríd déileáil lena mac óg nach labhraíonn léi; déileáil lena máthair féin atá iontach buartha faoina hiníon agus a garmhac; agus déileáil leis an saol a d’imigh sí uaithi, nuair a thug sí aghaidh chun na cathrach móire. De réir mar a leanann an scéal ar aghaidh, éiríonn sé soiléir nach féidir le Bríd neamhaird a dhéanamh ar gach a bhfuil aici sa bhaile, agus dhéanfadh sé baol dá mac dá gcasfadh sí a droim chucu.

Tá scríbhneoireacht Mhichelle Nic Pháidín breá soléite, agus is féidir a bheith caillte sa chéad leabhar seo ón údar. Tá leibhéil ilghnéitheacha ann sa scéal, a choimeádann greim ar aird an léitheora, agus aimsítear áilleacht i scríbhneoireacht an údair, fiú le móimintí beaga fileata:

“…Bhí deora beaga fearthainne ag bualadh na fuinneoige, ag cur solas na sráide os comhair an óstáin ag sleamhnú síos an fhuinneog roimpi.”

Sin uilig ráite, níl an úrscéal seo go hiomlán foirfe. Bíonn móimintí ann le
linn an scéil, nuair a bhíonn sé deacair don léitheoir nasc a chruthú leis an bpríomhcharachtar. Sampla de seo ná nuair a thugann Bríd amach dá máthair, Nóra, agus í buartha faoina garmhac. Tuigeann an léitheoir, gan dabht, go bhfuil Bríd fuarchúiseach mar gheall ar thragóid éigin, ach fiú leis sin, tá an fuacht céanna sin ina bhac do chaidreamh a fhorbairt leis an léitheoir, chun tuiscint nó comhbhá a bheith acu di.

Sampla eile ná nuair a chuireann an Cigire Ó Baoighill ceist ar Bhríd cupán tae a fháil leis, agus Bríd ar bís. Níos luaithe ar an maidin sin, áfach, bhí Bríd ag tabhairt cuairte ar a mac agus é san ospidéal. An rachfadh tuismitheoir, a mbeadh grá aici dá páiste, amach chun coinne le fear dathúil nuair atá a páiste san ospidéal? Beidh sé deacair don léitheoir glacadh leis seo, shílfinn, ach b’fhéidir nach ann ansin ach mo chuid reaction do sin.

Mar sin féin, tá luas, castacht, agus tuiscint i gcúrsaí i bhfolach d’fhormhór na ndaoine ar fáil san úrscéal seo. Cuirtear ar fáil taobh dorcha den tsaol sa leabhar seo, cé mbíonn rian an tsolais i gcóngar i gcónaí, bíodh sin trí Nóra, trí Chaitríona, nó trí Bhean Uí Shúilleabháin, eagarthóir an nuachtáin. Níos fearr fós, is fíor-láidir, cumasach, agus cróga iad na mná sa scéal seo, gan aon fhear chun éinne acu a shábháil. Sábháileann na mná iad féin agus a gcuid teaghlach as an mbaol – teachtaireacht thábhachtach d’aon leabhar, go háirithe i nua-litríocht na Gaeilge agus na hÉireann. B’fhéidir nach raibh sé i gceist ag Michelle Nic Pháidín, ach d’éirigh léi cur leis an seánra feimineach i litríocht na Gaeilge, rud atá rí-luachmhar go deo.

Mar gheall air sin, más é seo an chéad leabhar ó pheann Michelle Nic Pháidín, táim ag iarraidh a fháil amach cén chuma a bheidh ar an chéad leabhair eile.

Tuairim: 4 as 5

Tá “An tIriseoir”, le Michelle Nic Pháidín, ar fáil ó fhoilsitheoirí Cois Life ar luach €10.

Éist le gearrthóg as ‘An tIriseoir’ anseo:





Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: