Ag Aistriú Abhaile

20170628_161119-EFFECTSBhíos ag súil go mór le teacht thar n-ais go hÉirinn le roinnt mí anuas. Mhothaigh mé go raibh mo chuid ama i Sasana ag teacht chun deiridh, agus go raibh sé in am dom agus do mo bhuachaill teacht abhaile chun saol nua a thosnú i gCorcaigh. Bheadh go leor ann chun ár súile a choimeád i dtreo na todhchaí, agus cúis chéiliúrtha a bheadh ann.

Cúpla lá i ndiaidh dom bogadh isteach san árasán nua, cúpla nóiméad amach ó chathair Chorcaí, táim go sona sásta, agus mé fós ag céiliúradh, ach céiliúradh ciúin atá ann. 

Níor thuig mé cé chomh ciúin is a bhíonn sé nuair nach bhfuil do pháirtí ar do thaobh. Is fada liom uaim í an comhluadar, an chaint bheag, an barróg beag nach rabhthas ag súil leis, an fhuaim, nó an láithreacht agus iad i gcóngar. Bhí Stephen anseo agus mé ag bogadh isteach ar an Domhnach, mar thiomáin seisean anuas as Baile Átha Cliath leis an deich mála mór plaisteach a bhailigh mé chun snas agus stíl s’agam a chur ar an áit nua i gCorcaigh. D’fhan sé liom don chéad oíche, agus maidin dár gcionn, d’fhág sé slán liom chun mo bhealach a dhéanamh chun m’oifige nua, nuair a bhí air dul ar ais chun na h-árdchathrach chun eitilt ar ais go Sasana.

Thuig mé go mbeadh sé uaigneach gan é don sé mhí, agus é fós ina chónaí i Nottingham, go dtí go bhfuil sé in ann teacht abhaile. Cheapas go mbeinn in ann gan a bheith ag smaoineamh faoin easpa nua ar mo thaobh, mar bheinn róghnóthach le cairde nua a dhéanamh, le socrú isteach san árasán, agus sult a bhaint as an gcathair. Ní raibh mé mícheart, mar táim ag baint taitneamh as an scéal nua seo, ach is aisteach bheith i m’aonar i ndiaidh bliana go leith i Nottingham.

Is fada é ó bhí iontráil agam don mblag seo, go háirithe agus é i nGaeilge. Shíl mé nach raibh mórán ann i mo shaol chun aon rud a scríobh, ach bhí orm smaoineamh air sin. Bhí go leor ar siúl i mo shaol agus mé ag scríobh Dialann Scott, agus mé i mo dhuine óg (níos óige, b’fhéidir), ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil faic ag tarlúint dom anois. A mhalairt ar fad atá ann anois; scéal nua s’agam anois, agus tá sé i gceist agam é a roinnt le h-éinne a mbeadh suim acu é a léamh.

Fáilte Chorcaí

Tá cathair Chorcaí féin go haoibhinn, agus ar a laghad, tá aithne agam ar cúpla duine anseo chun tús a chur le mo shaol sóisialta nua. I ndiaidh mo chéad lá sa phost nua, tháinig mé ar ais isteach sa chathair chun caife a fháil le fear dá bhfuil aithne agam air trí Twitter, @AddeyTweets. Bhí sé ann chun fáilte mhór a chur romham anseo, agus shiúil muid timpeall na cathrach lenár gcupáin chaife, ag caint agus ag cur aithne ceart ar a chéile (nó, ar a laghad, ag cur lena raibh ar eolas againn ó na meáin shóisialta). Is ansin a bhuail muid le bean óg, a bhfuil ina ball den gcór LADT i gCorcaigh, Choral ConFusion.

“Fáilte romhat go Corcaigh”, a dúirt sí liom le miongháire ar a haghaidh. “Cá raibh tú roimhe seo?”

“Nottingham le déanaí, ach is as Cluain Tarbh dom.”

“Á, Cluain Tarbh! Tá cónaí ar mo dheirfiúr i Rath Éanaigh! Nach beag an domhan!? Bhuel, beidh tú socruithe isteach linn anseo sar i bhfad, fáilte arís!”

Thug sí barróg mór dom ansin sular shiúil sí síos na sráide, agus is ansin a thuig mé: Ní as Corcaigh mé, ach is cinnte gur seo mo bhaile nua anois.

 

 





Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: