“An bhfuilim san áit cheart?”
B’shin tús leis. Bhí mé díreach tar éis an teach tábhairne, The Abbey Tavern, a aimsiú, nuair a shiúil mé amach chuig an gairdín cúil, áit a raibh bord adhmaid, ceathrar ina suí taobh leis, agus fógra tharstu: “Pop Up Gaeltacht”. B’í mo chúigiú oíche í i gCorcaigh, agus mo chéad imeacht Ghaeilge i mo chathair nua.
D’fhreagair siad mé i nGaeilge, mar a bheifeá ag súil leis, agus shuí mé síos leo. Ar dtús, níor chuir mé mé féin in aithne dóibh, ach níorbh fhadhb é – bhraith mé go raibh mé i measc na gcarad cheana féin. Níorbh fhada é gur chuala siad go raibh blas Duibhlinneach ar mo chuid cainte (b’é an focal “togh’” a lig amach an rún), agus mé le meascán idir Ghaeilge Uladh agus an Caighdeán. Théis an scrúdú pearsantachta is Éireannaí ar domhan – conas déileáil le magadh leat – cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romham, agus d’aimsigh mé cairde nua le Gaeilge.
Bhí meascán ann idir leibhéil chumais Ghaeilge, fosta. Tháinig bean óg ar chomhaois liomsa, agus cé nach raibh sí líofa, tháinig sí ina haonar chun a cuid cúpla focal a chleachtadh linn. Chabhraigh muid léi, agus i ndiaidh tamaill (agus cúpla scúps, mar a dheireann Osgur agus Peadar) d’éirigh sí níos féin-mhuiníní agus níos sásta leis an gcomhrá a leanúint. D’éirigh líon na nGaeilgeoirí le linn na hoíche, freisin; nuair a tháinig mise, ní raibh ann ach ceathrar. Agus an cóisir in árd a réime, bhí os cionn scór ann, idir an dream lasmuigh sa chúlgháirdín, agus lucht an bheáir laistigh.
Tá go leor scríofa faoin zeitgeist a bhfuil faoi bhun ag an Pop Up Gaeltacht, le himeachtaí fud fad na hÉireann, i gcathracha móra an domhain, agus ag mealladh chainteoirí teangacha eile (lucht na Gàidhlig, na Breatnaise, na Coirnise, srl.) chun a macasamhail a dhéanamh. Le gach imeacht dá raibh eagraithe go dtí seo, áfach, bhí mé thall i Sasana nuair a bhí siad ar siúl. Nuair a d’fhoghlaim mé gur eagraíodh an séú himeacht de bhrainse Chorcaí na Pop Up Gaeltachta, bhí mé ar bís. Faoi dheireadh, bheadh seans agam chun páirt a ghlacadh leis an smaoineamh iontach chun an teanga a chur ar ais sna háiteanna is luachmhara agus is lárnaí do shochaí na hÉireann: an pub.
Bíodh aer Corcaí a bhí ann, an ceirtlis Shualannach, nó fuaim na Gaeilge ag eitilt tríd an aeir, ach bhí atmaisféar iontach ann ag an ócáid shóisialta sin. Mheall muid daoine eile, regulars an bheáir, chun triail a bhaint as na cúpla focal a chuimhnigh siad ó laethanta a scoile, nó ó chuimhní Gaeltachta. Bhí fonn ar roinnt daoine grianghraf a ghlacadh leis an bhfógra Pop Up Gaeltacht, ar nós gurbh rud cool a bhí ann. Samhlaigh faoi sin ar feadh bomaite; bhí imeacht Ghaeilge tarraingteacht do dhaoine nár labhair Gaeilge le fada, nó riamh b’fhéidir. Bhí sé ag smaoineamh go raibh sé suimiúil agus go maith… fiú gur tháinig bean an tí tábhairne amach chugainn roimh dheireadh na hoíche, chun a cuid buíochais a ghabháil le heagraí na himeachta, as a háit a roghnú. Thóg sí freastalaí ó theach tábhairne eile don oíche go speisialta, ionas go mbeadh duine ag obair ann le Gaeilge taobh thiar den mbeár. Ba léir go raibh sí sásta go ndearna sí sin.
Ag deireadh na hoíche, bhíos cinnte faoi dhá rud ach go háirithe: Bhí mé go sona sásta chun cónaí a bheith orm i gCorcaigh, agus ní fada a bheadh ann go dtí go mbeidh dlúthchairde Corcaíocha le Gaeilge agam.
Caithfidh mé gan “togh’” a rá go ró-mhinic, áfach – ní dheirtear sin i gCorcaigh, is cosúil…!
Buíochas mór le Karolyn a d’eagraigh Pop Up Gaeltacht – Corcaigh na seachtaine seo caite. Fógrófar an chéad imeacht eile go luath ar an leathanach Facebook de chuid an ghrúpa.
Leave a Reply