Árasán (Splancfhicsean)

Tic. Tic. Tic. Tic. Tic. 

Bhí clog nua na cistine, crochta taobh leis an doras, le cloisteáil sa seomra suí fosta. Beagán ar bheagán, laghdaíodh solas an lae lasmuigh, mar a d’éirigh neart an dorchais istigh. Thosaigh sé ón halla, ag sleamhnú isteach ó achan chóirnéal, go dtí nach raibh ach an bord dinnéir fágtha sa chlapsholas.

Bhí an aimsir lasmuigh meirbh, le scamaill liatha ag clúdach na spéire, gan ann ach ríocht beag gorm ó dheas. Bhí na cnoic ó dheas le fheiceáil ón bhfuinneog, ach fiú le linn an tsamhraidh, bhí cuma fhuar ar an taobh eile, i bhfad rófhada ó bheith in ann siúl chuige. Ní raibh ann ach ciúnas timpeall na háite. Ciúnas reilige. Ciúnas a chloisfeá le linn nóiméid chuimhneacháin, ar nós gur cailleadh duine.

Bhí éadaí ag triomú i gcóirnéal an tseomra suí, carn mór éadach le heaspa datha. Fobhrístí gorma, liatha, agus stocaí bána. Geansaí dúghorm. T-léine dubh. Lár Iúil a bhí ann, agus in ainneoin teas na Gréine, b’fhada an chuma a bhí air ó fhear Spáinneach. Mar sin féin, athraíodh an aimsir san oíche, ag éirí níos fuaire, níos éiginnte, níos ceomhara.

Líon sé gloine fíona dó féin. Gloine amháin. D’aimsigh sé lasaire do na coinnle beaga a cheannaigh a thuistí dó, ionas go mbeadh atmaisféar deas ann san árasán nua s’aige. Chuardaigh sé trí na seinnliostaí acústaice ar Spotify lena chur ar an gcallaire beag bán a cheannaigh sé. Chun an ciúnas a bhriseadh, le linn na hoíche ar fad.

 


Splancfhicsean: Seánra litríochta, le gearrscéil nach mbíonn níos faide ná 300-500 focal. An téarma Gaeilge do ‘flash fiction’ an Bhéarla. 





Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: