Caithfidh mé a bheith ionraic; ní raibh mórán eolais agam faoi Bhúdapeist sula ndearna muid an cinneadh chun saoire a chaitheamh ann leis an leath eile agus ceathrar chara Briotanach i lár Lúnasa. Chuala mé gurbh chathair álainn a bhí inti, agus fadó fadó, dhá bhaile a bhí inti, Buda ar thaobh amháin den Danóib, agus Pest ar an taobh eile. Bhí a fhios agam go raibh tréimhse ann nuair a bhí an Ostair agus an Ungáire fite fuaite lena chéile leis an Impireacht a bhí acu. Bhí a fhios agam freisin gur teanga iontach deacair a bhí ann san Ungáiris, agus in ainneoin mo bhua do theangacha, bheinn chomh caillte le haon turasóir eile sa tír. Seachas iad siúd, b’shin an méid a bhí ar eolas agam faoi Bhúdapeist.
Nuair a tháinig muid go hAerfort Búdaipeist, bhí sé ag éirí déanach san oíche, agus bhíos féin scriosta i ndiaidh an turais. Isteach sa leaba liom inár seomra ag óstlann Wombat’s, lonnaithe ar Király útca (útca = sráid) i gcroílár Pest. Óstlann atá ann, mar sin ní hé an Marriott nó aon óstán 5-réalt é, ach bhí sé fós glan, dea-dheartha, agus geal, le leabaí maithe. Chodail mé go sámh, mé ag fáil réidh don chéad lá iomlán san Ungáir.
Tar éis bricfeasta agus siúlóid bheag, ghlac muid páirt i siúlóid treoraithe as Béarla a bhí saor in aisce, rud a chuir sinn in aithne maith don gcathair. Bhí an t-ádh dearg linn, mar ba chosúil go raibh an chathair ag éirí réidh lena lá náisiúnta a chéiliúradh ar an Domhnach, agus bhí comórtas snámhá FINA ar siúl freisin. Mar sin, bhí an chathair lán fuinnimh, le sluaite daoine agus aimsir den scoth (28-33°C). Tús maith leis na saoire.

Le linn an turais, bhí seans againn áilleacht na cathrach a shú isteach i gceart. Níor scriosadh mórán den gcathair le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus tá meascán stíle le feiceáil ar ailtireacht na bhfoirgneamh uilig. Cheapfá go raibh tú ar saoire sa Róimh, i bPáras, nó i mBeirlín fiú, agus tú ag siúl timpeall Búdapeist, ach tá rian Sóivéadach le feiceáil anseo is ansiúd. I ndiaidh an Danóib a thrasnú don chéad uair, thóg mise sos ón siúlóid (ag fágáil na leaids chun an turas siúlóide a chríochnú) chun caife agus greim bia a fháil ag Clark Picnic, caifé faoi bhun Chaisleáin Buda, le radharc álainn ar an Danóib agus ar dhroichead slabhra Széchenyi, deartha ag an innealtóir Sasanach, William Tierney Clark.
Um tráthnóna, bhí an seans againn saol na hoíche i mBúdaipeist a fheiceáil dúinn féin. Shiúil muid trí Gozsdu Udvar, lána a ritheann trí sheacht bhfoirgneamh árasán, le beáranna agus caiféanna ar leibhéal na sráide. Ní raibh sé ach trasna an bhóthair ónár n-óstlann, agus léiríonn sé sin go bhfuil an ceantar an-cháiliúil do thurasóirí agus do mhuintir na cathrach araon. Níos déanaí le linn na hoíche, thug muid cuairt don gceantar Giúdach, Erzsébetváros (Baile Éilíse) agus i ndiaidh sin, don gclub aerach is mó i mBúdaipeist, Alterego.
Lá ciúin a bhí againn i ndiaidh a bheith ag damhsa don oíche ar fad, agus shocraigh muid chun siúl chuig Parlaimint na hUngáire, foirgneamh iontach álainn ar bhruach na Danóibe. Mar atá tipiciúil sa chathair seo, is meascán ailtireachta atá le feiceáil sa bhfoirgneamh seo, idir an Athbheochan Gotach go dtí an Athbheochan Renaissance. Ní raibh seans againn dul isteach, ach b’fhiú a bheith taobh leis, ar a laghad. I ndiaidh sin, bhí sos againn sula ndeachaigh muid amach arís don oíche, ag tabhairt cuairte d’Oileán Mháiréad (Margit-sziget), áit a raibh oíche chlub aerach ar siúl.

Lá Fhéile Stiofáin, lá náisiúnta na hUngáire, a bhí ann ar an Domhnach agus muid i mBúdaipeist, agus ba léir nár chaill muid amach ar an gcóisir. Bhí margadh bia ar siúl faoi Chaisleán Buda, agus bhí an áit plódaithe le hUngáirigh agus turasóirí, iad go léir ag baint sult as an dea-aimsir agus an lá mór. I ndiaidh dúinn siúl timpeall na cathrach, d’aimsigh muid bialann bhreá Liobánach, Baalbek (Váci útca 34). Bhí an bia iontach blasta, agus muid inár suí taobh amuigh ar an sráid faoin spéir ghorm. I ndiaidh sin, chuaigh muid ar ais chuig Droichead Mháiréad (Margit híd) chun seó na dtinte ealaíne a fheiceáil. B’é an taispeántas ba mhó agus ab fhearr a chonaic muid riamh! Chonaic muid seó uisce ar Oileán Mháiréad freisin, é ar siúl mar chuid de chomórtas FINA. Bhí na sluaite ann sa chathair, ag céiliúradh na hUngáire agus a príomhchathrach, idir Ungáirigh, comh-Eorpaigh, agus turasóirí araon. Bhí an chuid eile den turas ciúin go leor, le cuairteanna chuig Caisleán Buda é féin, an Halászbástya (nó Fisherman’s Bastion mar ab fhearr eolas air sa Bhéarla) agus an cuimhneachán ar Bhalla Bheirlín, sular éirigh muid réidh chun an Ungáir a fhágáil agus eitilt a thógáil ar ais go Sasana.
Agus faoi dheireadh: Mo thuairim faoi Bhúdaipeist? Cathair dhochreidte álainn agus rómánsúil atá ann, ar féidir titim i ngrá léi gan dabht. Ó thaobh airgid de, níl sé ródhifriúil ó phraghasanna Bhaile Átha Cliath, mar sin níor cheart duit an iomarca a chaitheamh inti. Tá go leor ar siúl ó mhaidin go hoíche, agus is deacair gan a bheith tógtha le háilleacht na timpeallachta. Tá mise iomlán tógtha leis an seoidín seo, agus bheinn ag súil go mór leis an chéad seans eile chun cuairt a thabhairt don áit iontach seo.
—
D’fhan muid ag óstlann Wombat ar Király utca, i lár na cathrach, i gcóir 5 oíche. Eitlíonn Ryanair ó Bhaile Átha Cliath go Búdaipeist, ach d’eitil muid le WizzAir ó Birmingham.
Leave a Reply