Más Linne an Phoblacht, Nach Linne an Pholaitíocht?

Cuireadh ceist orm inniu: Pioc amach fadhb amháin faoin tír seo, agus pioc amach bua amháin fúithi fosta. Bhí an chéad chuid den dúshlán níos deacra (tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar ball) ach bhí an dara chuid éasca.

Is é an bua is fearr dá bhfuil againn ná an pobal. Pobal tacaíochta. Pobal nasctha. Pobal gan bhearna róbhéasach ná gan bhac cainte, ach pobal a labhraíonn ar nós go bhfuil aithne acu ar a chéile ar feadh na mblianta. Tá an tréith sin ar cheann de na rudaí is fearr faoi na hÉireannaigh, agus bhí sé ar cheann de na rudaí a mhothaigh mé uaim, nuair a bhí cónaí orm thar lear. 

Le tír a bhfuil pobal chomh láidir sin acu, cheapfá go mbeadh an pobal i gcroílár mheon an rialtais. Is cosúil nach bhfuil, áfach, má tá an méid sin daoine (agus páistí) gan dídean, easpa leabacha oispidéil, agus i bhfad níos mó fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta ná sin. Cad as a dtagann an t-easpa cúraim sin sa rialtas, má tá an pobal chomh tábhachtach dár gcuid polaiteoirí?

Ó bhí mé i mo mhac léinn ollscoile, nó beagáinín roimhe sin, fiú, bhí aithne agam ar dhaoine a raibh páirteach sa pholaitíocht. Bhí tréimhse ann, nuair a bhí roinnt mhaith de mo chiorcal sóisialta ina mball den Lucht Oibre, agus ba leis an Alliance Party duine de mo chairde is fearr nuair a bhí cónaí orm i mBéal Feirste. Tá aithne orm fós ar chairde, a bhfuil ina mbaill de pháirtithe polaitiúla in Éirinn, sa Bhreatain, nó sa Danmhairg. Is aoibhinn liom diospóireachtaí a bheith agam leo nuair is féidir, ach pé tuairimí dá bhfuil acu faoi conas tír a stiúradh, séard atá i gcoiteann acu ná go bhfuil paisean agus tuiscint acu ar a bpobal áitiúil, agus a dtír.

Cad as a dtagann an t-easpa muiníne i bpolaiteoirí, mar sin? An é go bhfuil státseirbhísigh ag déanamh níos mó dochair d’fhorbairt agus do léas na tíre? Más ea, an ndéanann aon pháirtí polaitiúil, nó polaiteoir aonair, difríocht dul in aghaidh na taoide? Más daoine maithe de chuid an phobail iad polaiteoirí na tíre (is cuma an páirtí nó easpa páirtí) nach daoine maithe iad státseirbhísigh? Cén fáth go mbeadh moill ar fhorbairtí nó geallúintí rialtas nua, nó moill ar athruithe beaga, fiú? Conas, agus cá háit a fhásann an bhearna idir rialtas (nó oibritheoirí an rialtais) agus gnáthphobal na tíre?

Más poblacht cheart í ár dtír, tá dualgas ar pholaiteoirí, ar státseirbhísigh, agus ar vótálaithe. Caithfidh vótálaithe agus polaiteoirí nasc caidrimh a choinneáil agus a fhorbairt, agus is ar an dá ghrúpa an dualgas sin. Ba cheart sofheiciúlacht (nó a thuilleadh di) a thabhairt isteach, ionas go mbeadh státseirbhísigh freagrach go díreach agus go poiblí don Stát, .i. saoránaigh an tStáit.

An cheist is tábhachtaí, dár ndóigh, ná: Conas is féidir sin uilig a thabhairt chun solais?

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: