Filleadh ar an Seanbhaile

“An mothaíonn tú uait an áit seo?”

Ceist ab ea í nach raibh mé ag súil léi. Bhí mé i mo shuí os comhair mo charad Sasanaí, i gcaifé álainn i gceartlár na dTithe Uaimh, nó Nottingham, chun an logainm is cómónta a úsáid. Bhí solas ghrian na Samhna ag líonadh an chaifé go séimh, le meascán cheol lounge agus fhíreán an mhaisín caife ar siúl sa chúlra. Ní raibh mo chara sainteach nuair a chuir sí an cheist sin orm, ach thuig sí cheana féin go raibh mé sásta le bheith ar ais ar feadh seal. 

D’imigh ceithre mhí go sciopaí ó d’aistrigh mé ar ais go hÉirinn, ag fágáil slán don gcathair Shasanach a bhí ina baile dom. Idir an dá linn, d’aimsigh mé árasán galánta i gCorcaigh, thosaigh mé post nua, agus d’fhoghlaim mé conas dul timpeall mo chathrach nua. Bhí mé ar ais ar cuairt i Nottingham don deireadh seachtaine, mar bhí mo pháirtnéir ag ullmhú chun mé a leanúint go Corcaigh. Ba é an fiche nóiméad sin a bhí agam ná an seans deireanach a bheadh agam chun caife a fháil le mo chara sa bhliain sin; ní fheicfinn arís í go ceann cúpla mí eile, nuair a thiocfadh sí ar cuairt go hÉirinn do mo bhreithlá.

“Ceapaim é”, a dúirt mé, gan an faoiseamh a bhraith mé a thuiscint i gceart. Níorbh é gur chaith mé blianta de mo shaol i Nottingham, ach d’fhág mé cuid díom ann i ngan fhios dom féin.

Le linn na bliana sin, mhothaigh mé idir dhá thír agus dhá fhéiniúlacht. Éireannach is ea mé, ach bhí cónaí agam i Sasana. Rinne mé taisteal siar go hÉirinn go minic le mo pháirtnéir, agus thug muid cuairt dár gcuid cairde, ach bhí muid scartha uathu ag an am céanna; ní raibh ann thar an gcorr-dheireadh seachtaine ach nóiméid ghoidte. Ar an taobh eile Mhuir Éireann, leath-eachtrannaigh a bhí ionann dár gcairde i Sasana. Amharcann go leor Sasanach ar na hÉireannaigh mar a fheiceann siad ar na Breatnaigh nó na hAlbanaigh; difriúil, ach gaolta. Bhí árasán breá againn i Sasana, saol maith, agus go leor turas pleanáilte ó aerfoirt áirithe le linn na bliana, ach bhí sé beartaithe againn ón tús go mbeadh ár seal i Sasana go gearr-théarmach. Beagán ar bheagán, thosaigh muid ag díriú ar Éirinn arís mar cheann scríbe, agus d’éirigh linn plean a chur le chéile leis an deighilt féiniúlachta sin a réiteach.

I lár an tsamhraidh, chuaigh mé ar eitleán Ryanair eile ó East Midlands go Baile Átha Cliath, turas a rinne mé na céadta uair roimhe. Mar a d’fhág mé slán do Nottingham, áfach, rith sé liom go raibh mé ag fágáil mo bhaile eile. Baile a bhí ceanúil orm. Baile a thug deis dom triail a bhaint as fás aníos (níos mó). Baile a lig dom tús úr a dhéanamh de mo shaol. D’fhás grá ionam don gcathair, ó cheantar ealaíonta Hockley go áilleacht Abhainn an Trent um tráthnóna. B’álainn dom Wollaton Hall, nó bheith ag siúl trí pháirc na hollscoile i ndiaidh dinnéir. D’aimsigh mé suaimhneas agus mé ag éisteacht le scéalta na scríbhneoirí a tháinig chuig mo ghrúpa scríbhneoireachta. Más é logainm Gaeilge Nottingham ná na Tithe Uaimh, Gall-Ghael bródúil na dTithe Uaimh a bhí ionamsa.

Ach, agus duine ag léamh scéal an tsaoil, ní féidir na leathanaigh a léadh cheana a athléamh. Sracfhéacaint thapaidh chun rudaí a chur i gcuimhne, b’fhéidir, ach ní mór dúinn leanúint ar aghaidh. Leis sin, thuig mé go rímhaith nach raibh cónaí orm i Sasana a thuilleadh. Toisc seafóid na Breatimeachta, bhí mé buíoch de sin, ach bhí orm a admháil liom féin go raibh cuid díom brónach faoi, freisin. Ag an am céanna, áfach, ní raibh mé i gCorcaigh fada go leor chun nasc a chruthú leis an gcathair. Bhain mé sult as a bheith ann, agus d’éirigh liom cara nua nó beirt a dhéanamh ó d’aistrigh mé chun na cathrach, ach níorbh bhaile dom go fóill é.

Mar sin, faoiseamh a d’aimsigh mé sa chaifé sin, agus mé os comhair mo charad. Bhí móimint de mo sheanshaol Sasanach goidte ar ais agam, ar nós na laethanta nuair a d’fhág muid an oifig chun caife a fháil agus ár scíth a ligean. Don gcúpla nóiméad sin, bhíos ar ais sa comfort zone.

Bhí mé i mbaile an ama a d’imigh.  

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: