Céard is Brí le Bheith ‘Sa Bhaile’?

Luí an sneachta go séimh ar na goirt, na faichí, idir na crainn, agus na portaigh dá raibh le feiceáil ó fhuinneoga na traenach. Ag an am sin den tráthnóna, ba ghile an talamh ná an spéir, mar a d’éirigh na scamaill dhobhriste liatha níos dorcha le teacht na hoíche agus deireadh sholas an lae. Nuair a chuaigh an traein go rí-thapaidh trí bhaile beag, ba chuma air go raibh achan duine ann i bhfolach, ag lorg tearmainn ina dtithe féin, nó sa teach tábhairne teolaí. Tá cuma ar na híomhánna ó m’fhuinneog go mbeinn ar thuras i gcroílár na Sualainne, na hIorua, nó na Fionnlainne, fiú. Cuireann an fhuacht mhínádúrtha seo, in ainneoin an Earraigh, tírdhreach na Lochlannach i gcuimhne dom, agus cuireann sé sin suaimhneas ar m’anam. Suaimhneas compórdach, ar nós go bhfuilim sa bhaile. Ar nós go bhfeicfidh mé logainmneacha ar nós Växjö, Hässelholm, nó Malmö a fheiceáil ar an mbealach, seachas Durlas, Portlaoise, nó Mála. An uair deireanach a chonaic mé sneachta ag clúdach na tíre chomh leathan seo ná nuair a bhí slua againn ar an mbealach go Þingvellir, páirc náisiúnta na hÍoslainne.

Le linn mo chuid feachtasaíochta a dhéanamh chun mo leabhar is déanaí, The Irish Outlander, a fhógrú, bím ag smaoineamh faoi luach an fhocail chumhachtaí sin, baile, agus céard is brí le bheith ‘sa bhaile’ dom. Chuir sneachta úr an Domhnaigh sin i Márta baile m’anama i gcuimhne dom; Skandinavien; Críoch Lochlann, nó Norden; an Tuaisceart. Cé gur Éireannach bródúil is ea mé, mothaím ar nós go gcraoltar m’anam ar an mhinicíocht chéanna is a chraoltar fuinneamh na dtíortha Nordacha. Níl aon áit eile ar an domhan seo, a mhothaím ‘i gceart’ ná nuair a bhím sa Danmhairg, agus bhí an taithí sin agam nuair a bhí mé sa tSualainn, san Íoslainn, agus san Iorua, fosta.

Sin uilig ráite, céard is brí le bheith ‘sa bhaile’, go háirithe nuair atá ceangal chomh láidir sin agam le Skandinavien, cé gur Duibhlinneach (lonnaithe i gCorcaigh) is ea mé?

Rinne an Danmhairgeach, Carsten Schjøtt Philipsen, a dhochtúireacht ar céard is brí le bheith ‘sa bhaile’, agus d’fhoilsigh an nuachtán, Kristeligt Dagblad, seacht gcúis go mothaíonn muid sa bhaile in áit. Bhí an chúigiú chúis an-chumhachtach domsa:

Det betyder meget for hjemfølelsen, at man føler sig velkommen. At man kan mærke, at man er ønsket, der hvor man er. Det kan både være hos forældrene, kæresten, på den lokale café eller på bodegaen.

Tá sé luachmhar do mhothúcháin [bheith sa] bhaile, ná go mbraitear fáilte roimh dhuine. Le bheith in ann a thuiscint, go bhfuiltear sásta go mbeadh duine ann. Is féidir [leis an mothúchán] a bheith ann ag teach na dtuismitheoirí, an leannáin, ag an gcaifé áitiúil nó an bodega.

Is cinnte gur mhothaigh mé é sin in go leor áit; in Éirinn, i Sasana, agus timpeall na dtíortha Nordacha. Is tábhachtach an rud í an fháilte a chuirtear roimh dhaoine, ach sílim freisin go bhfuil ról faoi leith ag féin-íomhá an duine, fosta. Is féidir liom a shamhlú go mbeinn in ann bheith i mo chónaí i gcathair ar nós Chóbanhávan, ach cé go raibh fáilte curtha romham i nGaillimh gach aon uair a thug mé cuairt di, ní féidir an rud céanna a rá faoin gcathair Éireannach sin, ná áiteanna eile ar nós Londan, Rennes na Fraince, nó Réicivíc. Brathann sé sin ar m’íomhá díom féin; is éasca dom mé féin a shamhlú, agus mé ag ól caife gar don Mhaighdean Mhara Bheag, ná ag siopadóireacht ar shráidanna Páráis (ach, cén fáth nach mbeinn in ann an dá rud a dhéanamh agus cónaí a bheith orm in Éirinn, is dóigh!?).

Níl freagra ná réiteach mo chuid smaointe agam, ach táim compórdach le bheith i mo chónaí i gCorcaigh, ach de shíor ag amharc aneas i dtreo Chríoch Lochlann ar son na hinspioráide. Agus í ag plé na ceiste freisin, scríobh an socheolaí Ioruach, Nina Røkkum: “Hjemfølelsen min kan være knyttet til land, steder og hus. Også andre mennesker og gjenstander kan få meg til å føle meg som hjemme.” (Is féidir le mo mhothúcháin bhaile bheith nasctha le tíortha, áiteanna, agus tithe. Freisin, is féidir le daoine agus rudaí eile suaimhneas a chur orm, ar nós go bhfuilim sa bhaile.)

Is dóigh liom go mbeidh sé casta ina chuid simplíochta i gcónaí, ach bainim sult as cibé ar bith.





Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: