Tá mé díreach tar éis teacht abhaile go hÉirinn i ndiaidh deireadh seachtaine a chaitheamh le mo pháirtnéir agus roinnt dá theaghlach i bPorto na Portaingéile. Ba í mo chéad uair í sa chathair áirithe sin, ach is minic a thug mé cuairt chun na Portaingéile le mo pháirtnéir chun cúpla lá saor a thógáil ón ngnáthshaol in Éirinn. An uair seo, chuir Porto iontas agus gliondar orm, mar ní rabhas ag súil le háilleacht na hailtireachta, an dea-atmaisféar ar na sráideanna agus an dea-aimsir freisin. Bíonn iontas orm le gach aon turas a thógann muid sa Phortaingéil, agus ba cheart dom níos mó a fhoghlaim faoin gcultúr agus an teanga s’acu.
Tá seal caite agam i San Diego sa mhí seo freisin, áit a bhfuil clú agus cáil air mar áit, nach bhfaigheann ach cúpla lá báisteach in aghaidh na bliana. Bhuel, chonaic mise ceithre lá báisteach sa chathair sin, le haimsir a bhí níos cosúla leis an gCabhán ná California. Fós, bhí sé suimiúil tuilleadh ama a chaitheamh i Meiriceá, ach bheinn sásta fanacht san Eoraip go dtí an Samhradh ar a luaithe.
Ó bhí mé in Albain (an uair dheireanach agus blog scríofa agam, ‘Dhiabhail!) bhí sos deas agam um Nollag, agus cúpla turas thar lear ar nós California agus na Portaingéile. Beidh go leor taistil romham sa bhliain nua freisin, idir imeachtaí oibre agus laethanta saoire leis féin, mar a déarfá. Táim ag an staid seo anois i mo shaol, nuair atá slí beatha agam a bhí á thastáil uaim le fada.
Idir na heitiltí agus na bronntanais Nollag, bhí go leor deiseanna agam beagán scríbhneoireacht a dhéanamh, freisin. Tá roinnt mhaith filíochta úir cumtha agam le déanaí, a bheidh mar chuid de mo chéad chnuasach eile, Elysium, a bhfuil fonn orm a sheoladh roimh dheireadh na bliana seo. I gcomparáid le Fás | Growth, beidh na dánta sa dara chnuasach seo go hiomlán dátheangach, agus táim ag súil go mór leis na dánta nua seo a bhailiú le chéile, leis an chéad chéim eile a thaispeáint don domhan mór. Tá seans ann fosta chun tionscadal filíochta a dhéanamh leis an bhfile Sasanach, Marcas Mac an Tuairneir, níos déanaí i mbliana, ach tá muid ag obair ar na sonraí beaga go fóill.
Tá go leor ar siúl i mo shaol féin, fosta. Thug mé detox ó na meáin shóisialta, a d’éirigh le bheith ina makeover. Bhí mé ag éirí braon de bheith (beagáinín) róthrom ó thaobh meáchain de, agus thit mo chuid féin-mhuiníne mar gheall air. Ní cheapaim go bhfuilim gránna, per se, ach tuigim gur féidir liom a bheith i bhfad níos aclaí, agus cúram ceart a thabhairt dom féin. Tá tús ceart curtha agam leis sin, agus mé ag rith leis na Frontrunners Cork anois. Agus mé thar lear (mar a bhí cheana féin in Eanáir), is féidir liom rith liom féin, ach táim chun sár-iarracht a dhéanamh rith leis na leaids i gCorcaigh agus mé sa bhaile, mar is iontach an grúpa iad.
Tá mo shaol difriúil go leor sna laethanta seo ná mar a bhí sé nuair a bhí Dialann Scott á scríobh agam mar dhéagóir, nó nuair a bhí mé ag iarraidh mé féin a ‘chur amach ansin’ ar an stáitse mar chraoltóir. Ach anois, ag (beagnach) 31, nílim á dhéanamh sin, agus níl aon fhonn orm, ach an oireadh. Táim an-shásta chun post (ar aoibhinn liom!) a dhéanamh, mo shaol a roinnt le mo ghrá geal, éalú thar lear gach uair ar féidir liom, agus an corr-phíosa scríbhneoireachta/filíochta a dhéanamh pé uair a bhuaileann an fonn orm.
Níl an chéad mhí den mbliain críochnaithe againn, fiú, ach táim cinnte go leor go mbeidh mé níos sásta le mo shaol i mbliana. Agus, táim ag tnúth leis an gcruthaíocht, leis an taisteal, agus leis an áthas atá romham. Tá súil agam go mbeidh tusa sásta, freisin – pé áit ina bhfuil tú ar an domhan agus i do shaol.
Leave a Reply