Ní Bheidh AthGhaelú Éasca, Ach…

Ó thús na gluaiseachta Gaelaí, nuair a bhí grúpaí áirithe ag ullmhú agus ag impí ar thacaíocht an phobail ar son an neamhspleáchais, bhí ról cumhachtach ag an teanga, a cuid litríochta ársa agus chomhaimseartha, agus ar mhuintir na Gaeltachta, réigiún a bhí i bhfad níos láidre ná mar atá sí inniu. Bhí cumhacht faoi leith ag an bhfocal “Éire”, go háirithe nuair a chuireadh íomhá Éiru – nó Hibernia – os comhair an phobail mar spéirbhean chróga álainn, í ina siombal náisiúnta. Chuir gluaiseacht athbheochan na Gaeilge neart leis an íomhá finscéalaíoch sin, agus bhí muintir na hÉireann in ann glacadh leis an gcoincheap.

I ndiaidh neamhspleáchas na tíre (nó formhór di) a bhaint amach, áfach, ní féidir a rá go héasca gur choimeád an Ghaeilge a háit lárnach in athghaelú na tíre. I ndiaidh sealbh a ghlacadh ar an tír ó lámha na Breataine, b’iad an spórt agus an creideamh, seachas an teanga, a bhí ina mbunchlocha ár náisiúin úir. Bhí an Cumann Lúthchleas Gael in ann cúram a thabhairt don gcorp, agus bhí an eaglais Chaitliceach in ann cúram anama (nó a leagan féin de) á chur ar fáil. Bhí an dá eagraíocht seo, an CLG agus an eaglais, in ann teagmháil a choimeád leis na hÉireannaigh ar an taobh eile den teorann nua, fosta, mar bhí siad in ann clubanna CLG a bhunú sa Tuaisceart, araon le haifreann an Domhnaigh agus imeachtaí eile na heaglaise a bheith ar fáil. Bhí an dá eagraíocht – iad fite fuaite lena chéile ón tús – in ann sinn a stiúradh sa ré nua neamhspleách a bhí ag formhór dúinn. Cé go raibh go leor measa agus iontais ar dhaoine roimh an nGaeilge, bhí sí ró-dheacair líofacht a bhaint amach i gceart, agus toisc go raibh an córas scoile chomh dian sin ag an am ar pháistí, d’fhag muid in áit na leathphingine í. Ba thrua dúinn an cinneadh, ach bhí an spórt agus an creideamh againn, agus b’fhearr dhá sprioc a bhaint amach as trí, ná sprioc ar bith agus sinn faoi smacht na corónach go fóill.

Beagnach céad bliain ó neamhspleáchas a bhaint amach, agus in ainneoin na ngluaiseachtaí pobail áirithe dá raibh (agus dá bhfuil) ar an bhfód chun úsáid agus foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn fud fad ha hÉireann, is deacair a rá go simplí go bhfuil an teanga i mbarr a sláinte inniu. I gcomparáid léi, is institiúd láidir pobail é an CLG, a chuireann go leor milliún euro/punt ar fáil don eacnamaíocht ar bhonn náisiúnta, agus ar leibhéil áitiúla, fosta. Idir an dá linn, is féidir brath ar ailt thuairimíochta faoi shláinte na Gaeilge gach cúpla mí sna meáin Bhéarla, leis na céadta trácht ó léitheoirí, ag troid lena chéile faoi luach na teanga – nó luach mionteanga ar bith.

Is Ionann Dualgas an Stáit agus Dualgas an Phobail

Céard atá i ndán dúinn, mar phobal mionteanga sa 21ú Aois, mar sin? Agus 17,000 duine in Éirinn a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den gcóras oideachais – an daonra céanna dá bhfuil ag Cluain Meala – conas is féidir le mionlach beag tacaíocht chuí a thuilleamh ón mórphobal? Nó, caithfear a rá, cén fáth gur chóir don méid sin daoine tacaíocht a thuilleamh ar chor ar bith, ach gur cheart an meas a bheith acu cheana féin?

Is cinnte, ó na hailt chéanna a bhíonn sna meáin Bhéarla go rialta, nach bhfuil an tacaíocht sin ar fáil ón bpobal ina iomláine. Ní hionann sin is a rá, áfach, nach bhfuil dul chun cinn feicthe sa “ghnáthphobal” roimh an nGaeilge le déanaí. Is cinnte go bhfuil sárobair TG4 tar éis íomhá nua-aimseartha a chur i láthair do lucht fhéachana na tíre ó sheoladh é, ach ní féidir le stáisiún teilifíse teanga a choimeád beo. Is cuimhin liom féin, nuair a bhí mé ag obair sna meáin Ghaeilge, nach raibh easpa ábhar cainte ina fhadhb dúinn, ach easpa cainteoirí lena n-aimsiú mar aíonna.

Is í an dúshlán is mó dá bhfuil ann i gcónaí roimh shlánú na Gaeilge, dar liomsa, ná nárbh fhéidir le haon eagraíocht, roinn rialtais, ná gluaiseacht phobail, fiú, an bhearna idir pobal na Gaeilge agus lucht an Bhéarla a líonadh. Gan Gaelscoileanna sna cathracha nó bailte Galltachta, bheadh daoine den tuairim nárbh ann don nGaeilge ach teanga leathmharbh, ar chóir a bhaint ón gcuraclam scoile agus a fhágáil do phobal na nOileán Árainn. Má osclaítear Gaelscoileanna nua, bheadh daoine den tuairim nach bhfuil ach tuismitheoirí meánaicmeacha saibhre ag iarraidh a gcuid páistí a sheoladh chucu, ionas go mbeadh ábhar cainte acu ag cóisir árdnósach éigin.

Is cinnte go mbeidh daoine cantalacha ann go síoraí, pé rud a dhéantar leis an teanga, ach is féidir leo a bheith ar imeall an chomhrá, gan luach ár n-airde tuillte acu. B’fhearr i bhfad dúinn, áfach, nasc a chruthú idir Galltacht agus Gaeltacht chun a thuilleadh tuisceana a chur ar fáil. Is ráiteas é sin arbh fhéidir leis a bheith folamh, ach ciallaíonn sé gur cheart aidhm a bheith ag gluaiseacht athbheochan na Gaeilge inniu chun an talamh coitinn idir an dá phobal a thaispeáint go soiléir.

An Pholaitíocht Fholamh?

Is é an t-aon rud atá soiléir faoi stair na gluaiseachta nuige seo, áfach, ná nárbh fhéidir aon rialtas – ó thuaidh nó ó theas – a mholadh i gceart maidir leis an teanga a chur chun cinn go hoifigiúil. Fiú leis an Aontas Eorpach, a chuireann fáilte roimh an nGaeilge inniu mar ghnáthchuid shochaí na hEorpa, ní raibh an Ghaeilge tábhachtach go leor lena tabhairt isteach nuair a tháinig muid isteach sa Chomhphobal Eorpach ar dtús. Is tríd na gluaiseachtaí pobail amháin a tháinig aon dul chun cinn don nGaeilge nó do phobal na Gaeilge (muintir na Gaeltachta ina measc, gan dabht) agus ba mhall d’aon roinn Gaeltachta dul i ngleic leis an teanga agus a pobal a chosaint gan bhrú ón bpobal é féin.

Agus an 33ú Dáil Éireann fós le socrú ag ár bpolaiteoirí náisiúnta nua, cé hiad na daoine a bheidh sásta an fód a sheasamh ar ár son? Cén páirtí polaitiúil a bheidh gníomhach ar son na teanga agus a muintir, seachas a bheith ceanúil go poiblí, ach amháin ina gcuid ráiteas? Más teach fuar don nGaeilge é Teach Laighean, conas ab fhéidir linn an teas a árdú? An é go bhfuil páirtí polaitiúil na Gaeilge de dhíth?

Go pearsanta, sílim nach féidir linn amharc ar chúrsaí Gaeilge/Gaeltachta mar fhadhbanna mionlaigh amháin, ach iad a nascadh le fadhbanna eile ár dtíre. Tá pobail ár dteanga, bíodh sa Ghaeltacht nó sna bruchbhailte uirbeacha atá siad lonnaithe, leochaileach go leor; pobail ar cheart dúinn a chosaint, ach caithfear a aithint fosta go bhfuil siad sláintiúil agus lán fuinnimh. Sílim féin go bhfuil teipthe ag go leor polaiteoir an fód a sheasamh i gceart ar son na teanga, ach ní féidir le daoine aonair a bheith ag screadaíl i gcónaí. Tá mé lán cinnte nach bhfuil a dhóthain déanta ag páirtithe polaitiúla na tíre seo, ach brathann gach polasaí ar ghníomhachtaí a gcuid ball.

Níl an cath caillte againn, ach b’fhéidir nach bhfuil sé ceart dúinn amharc ar a bhfuil romhainn mar chath ar chor ar bith. Comhrá pobail agus náisiúin atá againn, agus feictear go bhfuil muid uilig in ann teacht le chéile mar mheitheal, más gá.

Is gá, go fóill, ach caithfear an comhrá a thosnú as an nua.

Published by Scott De Buitléir

Scott De Buitléir is an author and poet from Dublin, Ireland. He is founder of EILE Magazine, a digital publication for the Irish LGBT community, and has published several works of poetry, non-fiction, and fiction. He lives in Cork with his partner.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: