Dóibh siúd a thabharfadh faoi ndeara í, bhí cuma deas go leor ar Áine. Bheadh an blús bán iarnáilte go deas aici; cnaipe amháin ar oscailt chun a muinice airgid a thaispeáint. Uaireadóir airgid ar chaol a láimhe chlé, brístí dubha agus bróga dubha dheasa. Bheadh a cuid gruaige déanta suas aici go stíleach freisin, don chuid is mó den am. Bhí sí stíleach, agus shíl sí féin go raibh sí cairdiúil do dhaoine – nó bhí súil aici go raibh an chuma sin uirthi.
Mar sin féin, ní raibh cairdeas ná caidreamh aici le héinne eile san oifig. Bheannódh sí d’éinne a shiúlfadh thar a deasc ar maidin, agus déarfaidís heileo ar ais di, ach b’in an méid. Ní bheadh lón aici sa chaifé leis ‘na cailíní’, níor chaithfeadh sí toinín le Josie nó Gráinne lasmuigh de chúldhoras an fhoirgnimh, agus níor fhaighfeadh sí cuireadh chun teacht chun an tí tábhairne tráthnóna Dé hAoine. Bheadh daoine na hoifige dea-bhéasach d’Áine, ní raibh sí mar chuid den ngrúpa riamh.
Buaileadh an guthán ar a deasc, á tabhairt amach as a cuid smaointe.
“Good morning, Digital Distribution.” Obair gan smaoineamh a bhí ann sa phost sin, dar léi.
“Oh yes, Mr. Reynolds, just one moment please,” a dúirt sí go béasach i ndiaidh tamaillín, sula gcuir sí an duine ar aghaidh chuig bainisteoir na hoifige. Cliant mór a bhí i Mr. Reynolds, agus nascfadh a ghlaoch leis an mbainisteoir gan chúis a bheith de dhíth air. Bhí an nós sin ar eolas aici le fada. Bhí mórán ar eolas aici. Bhí a fhios aici go n-ólfadh an bainisteoir – Gerry – lattè gach maidin. Bhí a fhios aici nach bhfreagródh Catherine sa rannóg poiblíochta aon ríomhphost go dtí an tráthnóna. Bhí gach duine san oifig beagnach cinnte go raibh rud éigin ar siúl idir Gerry agus a rúnaí, ach bhí a fhios ag Áine nárbh pháirtnéir gnó amháin é Mr. Reynolds, ach páirtnéir den gcatagóir eile a bhí ann chomh maith. Ba chosúil nár thuig éinne eile san oifig é sin ach Áine.
Bhí sí tuisceanach den gcaidreamh idir Gerry agus Mr. Reynolds. Bhí sí tuisceanach den mhodh oibre a bhí ag Catherine i bPoiblíocht. B’é an t-aon rud nár thuig sí, áfach, ná cén fáth go raibh sí scartha amach ó dhream na hoifige. Bhí sí nua go leor sa phost sin, ach níor cheap sí go mbéidís chomh mí-fháiltiúil sin di.
D’imigh an lá, beagán ar bheagán. Chaith sí am lóin ina haonar i gcaifé beag deas ar Shráid Mhic Liam, ag ithe ceapaire sailéid agus ag léamh úrscéil a d’aimsigh sí i dteach a máthar. Rinne sí dearmad fúithi féin san uair a bhí aici le haghaidh lóin, caillte i leabhar agus cupán caife taobh léi.
“Gabh mo leithscéal,” a dúirt fear a bhí ina sheasamh in aice leis an mbord ab fhearr léi sa chaifé. “Níl aon chathaoir eile saor anseo – am lóin, tuigeann tú.” Thaispeáin sé miongháire cuthaileach. “Árbh fhéidir liom suí síos in aice leat?”
“Ó,” a d’fhreagair Áine, nach raibh ag súil le bheith ag caint le héinne, go háirithe i ndiaidh do mhuintir na hoifige a bheith chomh ciúin di ar feadh na maidine. “Cinnte, tá go leor spáis anseo.” Bhog sí a cupán caife a bhí i lár an bhoird agus tharraing sé an chathaoir amach agus shuí síos, a cheapaire á chur ar a chuid nua den mbord. D’fhéach Áine air go scioptha; fear árd a bhí ann le cuma aclaí go leor aige, ar nós go raibh sé ina imreoir rugbaí. Bhí gruaig dhubh agus súile ghlasa aige, é gléasta i gculaith deas gnó, le léine liath agus carbhat dubh. Tháinig freastalaí an chaifé chuige chun cupán caife a thabhairt dó lena ól leis an gceapaire.
“Go ra’ maith agat,” a dúirt sé leis go béasach, ag taispeáint an mhiongháire céanna arís. Thóg sé an cupán go cúramach as lámha an fhreastalaí, sula gcas sé i dtreo Áine.
“Bhíos ag súil leis seo ar feadh na maidine!”
“Nach bhfuil meaisín caife ann san áir a oibríonn tú,” a d’fhiafraigh Áine, agus miongháire uirthi.
“Tá, ach níl an caife sin go deas ar chor ar bith. Stuif uafásach instant atá acu, agus i ndiaidh dom tréimhse a chaitheamh ar an Mór-Roinn, is deacair maireachtáil gan fhíorchaife – go háirithe má tá tú gafa leis, cosúil liomsa!”
“Cá raibh tú, mar sin?”
“Páras, ar feadh seal,” a d’fhreagair an fear, “ach bhí orm oibriú ar feadh leathbhliana in Amstardam, freisin. Ní raibh mo chuid Ollainise go han-mhaith, ach d’fhoghlaim mé go tapaidh conas caife a ordú.” Rinne an fear gáire roimh bhreathnú ar chlúdach an leabhair a bhí i lámha Áine.
“Scéal maith atá ann ansin,” a dúirt sé, agus é ag cur siúcra isteach ina chaife bán. “Léigh mé féin é bliain nó dhó ó shin.”
Bhí ionadh ar Áine é sin a chloisteáil ó fhear óg – é ar chomhaois léi, in aon chor – dá leithéid. Chas sí an leabhar chun breathnú ar an gclúdach; ba léir uaidh go raibh an leabhar cuíosach sean, agus é dírithe ar mhná. Ba thrua mór di, a cheap sí, má bhí sé aerach.
“Fuair mise é ó theach mo Mham; ceapaim go raibh sé aici ó bhí sí níos óige. Conas a raibh sé agatsa?”
“Bhí orm é a léamh do mo chúrsa Béarla san ollscoil,” a d’fhreagair sé, ag casadh na siúcra ina chaife.
Buaileadh guthán an fhir óig, agus thóg sé amach as a phóca seaicéid é. Thosaigh sé ag caint leis an duine ansin, ag tabhairt seans d’Áine tuilleadh dá húrscéal a léamh. D’ól sí braonán dá caife féin agus í ag léamh, ag tabhairt sreac-fhéachaint ar an bhfear óg gach nóiméad nó dhó. Ní raibh aon dabht ann go raibh sé dathúil, agus ba dheas é go raibh sé sásta labhairt léi. Thaispeáin sé sin di go raibh sé cairdiúil agus dea-bhéasach, nó, nach raibh sé ach ag iarraidh a scíth a ligint san aon áit a bhí saor sa chaifé. Pé scéal é, bhí sí sásta an comhluadar a bheith aici, cé gurb stráinséir é. I ndiaidh nóiméid, dúirt sé slán leis an té lena raibh sé ag caint ar an nguthán, agus chuir sé ar ais ina phóca é.
“So, céard a cheapann tú faoin leabhar sin,” a dúirt sé le hÁine, i ndiaidh dó braon caife a ól.
“Go maith… tá sé cineáilín mall i bpáirteanna, ach tá scéal maith ann.”
“Cén caibidil ar a bhfuil tú?”
“A ceathair,” a d’fhreagair sí. “Is dóigh go bhfuil eolas maith agat air, má tá sé déanta agat san ollscoil.”
“Bhí,” a dúirt sé, “ach rinne mé cúpla bliain ó shin é. Ní chuimhin liom mórán faoi, seachas an deireadh. Ach, ní dhéarfaidh mé faic leatsa faoi sin.” Rinne siad beirt gáire beag.
“Mise Tony.”
“Áine.”
“Deas bualadh leat, a Áine,” arsa Tony, sular fhéach sé ar a uaireadóir. “Caithimse dul ar ais chuig an oifig, ach an mbeidh tú anseo amárach ag am lóin?”
“Seans maith go mbeadh, cén fáth?”
“B’fhéidir go mbeinn in ann caife a cheannach duit, agus bheifeá in ann an scéal sin a chur i gcuimhne dom?”
Tháinig miongháire ar aghaidh Áine mar a d’fhéach sí anuas ar an mbord, meascán d’áthas agus náire uirthi. “Ba bhreá liom é sin, cinnte.”
“Iontach! Feicfidh mé amárach thú mar sin,” a dúirt Tony, agus chas sé i dtreo an dorais.
I ndiaidh é sin, ba chuma le hÁine muna labharfadh éinne ina hoifig léi.
Leave a Reply