Ba é an chéad dordveidhil a fuair Ciara ná an ceann céanna is a bhí ag a seanmháthair; í ina dordveidhleadóir le ceolfhoireann i bPáras, tráth. Tugadh L’Étoile d’Irlande – réalt na hÉireann – uirthi i measc lucht an cheoil sa Fhrainc agus i gcuid mhaith eile na hEorpa. Bhí clú uirthi mar dhordveidhleadóir den chéad scoth, ó Rann na Feirste go dtí an Róimh agus ó Chonamara go Cív. Nuair a d’éirigh sí as a bheith ina ceoltóir proifisiúnta, thug sí a ‘leanbh’ – dordveidhil a rinneadh i bPáras – do Chiara mar bhronntanas dá hochtú breithlá déag. Faoin am sin, bhí Ciara ag seinnt leis an gceolfhoireann náisiúnta agus bhí sí ag cleachtadh le haghaidh éisteachta do cheolfhoireann i Londain. Bhí sí cinnte dearfa go raibh sí chun céimeanna a seanmháthar a leanúint, agus dul níos faide ná mar a chuaigh sí féin.
Cúpla bliain níos déanaí, bhí Ciara de Faoite cúrtha fuithi i Londain, í ina cónaí lena buachaill agus ag éirí go han-rathúil i ndomhan an cheoil Chlasaicí – i measc na mBriotanach ach go háirithe. Ar an mhaidin fhuar gheimhriúil úd i Rann na Feirste, áfach, bhí sí le cúpla port a sheinnt do phobail an bhaile, ach ní bheadh sé ina cheolchoirm.
Os chomhair an phobail in eaglais an bhaile, thosaigh sí ag smaoineamh faoin lá a fuair sí an nuacht. B’fhíor-dheacair dá máthair an drochscéal a insint di, ach ba dheacra fós é a chloisteáil, go háirithe agus í chomh fada sin uaithi nach raibh sí in ann compórd ar bith – barróg, fiú – a thabhairt dá chéile. Ina ionad sin, ní raibh ina chompórd ach glórtha a chéile agus iad beirt ag gol.
Thosaigh sí ag smaoineamh faoin uair dheireanach a chonaic sí í, agus í beo. Bhí sí ag cleachtadh píosa brónaí ar dhordveidhil nua a fuair sí féin mar bhronntanas ó hAmbasáid na hÉireann i bParás nuair a d’éirigh sí as. Sarabande le Bach a bhí á sheinnt aici agus Ciara ag siúl isteach sa teach i Rann na Feirste. Bhog sí ó thaobh go taobh leis an ndordveidhil agus í ag seinnt, soir is siar ar nós go raibh sí ag caoineadh in ómós do dhuine. A fear chéile, b’fhéidir, a d’imigh uainn deich mbliana roimhe. Nó a mac – uncail Ciara – a fuair bás i dtimpiste gluaisteáin agus Ciara ina cailín an-óg. Bhí go leor le caoineadh faoi ag a seanmháthair, ach ní raibh sé le feiceáil ach amháin nuair a sheinn sí an dordveidhil.
Shuí sí síos i gcathaoir adhmad os comhair mhuintir an bhaile, agus chuir sí dordveidhil a seanmháthar os a comhair. Phioc sí an bogha suas as an mbosca ina lámh dheis, agus thosaigh sí ag seinnt Sarabande. Bhí céad duine – pobal an bhaile ar fad agus corrdhuine a raibh aithne acu uirthi ó dhomhan an cheoil – i láthair san eaglais chun slán a fhágáil don Étoile, ach ní fhaca Ciara éinne ach í féin, ina luí go suanmhar sa chónra dharach oscailte. Bhog Ciara go mall ó thaobh go taobh ina cathaoir leis an ndordveidhil, mar a bhog a seanmháthair tráth i bPáras, gléasta go hálainn do cheolchoirmeacha mhóra árdnósacha.
Mhothaigh Ciara gach nóta ar nós go raibh sí ag insint scéal a Mamó, bíodh áthasach nó brónach é. Chrith a méara ach lean an ceol ar aghaidh gan fhadhb gan stopadh, ar nós go raibh Mamó á treorú go dtí an deireann. Lean na deora fad is a lean an ceol ón uirlis mhór, ach níor stop sí riamh. Bhí Mamó ann, agus bhí sí sásta agus bródúil as a gariníon. Bhí a fhios aici faoin méid sin – bhí sí cinnte de. Mhothaigh sí lámh clé a Mamó ar a gualainn dheis, á moladh, cé go raibh a corp fós sínte amach sa chónra. Ba chuma le Ciara faoin gcónra, bhí sí ar bís – in ainneoin na ndeor – go raibh Mamó ag éisteacht.
Agus d’éist Ciara féin, mar a d’éist sí léi agus í á sheinnt. Bhí Mamó ann. Fós ina ceoltóir den chéad scoth.
25 Deireadh Fómhair 2010
Leave a Reply