Bás an Scríbhneora(?)

Suím i gcaifé cathrach, le ríomhaire os mo chomhair ar an mbord, agus ceol á sheinm i mo chluasáin. Tá cappuccino le bainne coirce á ól agam go mall, mise ag baint taitneamh as blas séimh na seacláide agus breosla an chaife. Díreach mar atá déanta agam go rí-mhinic thar na blianta, ó bhí mé i mo dhéagóir, nó ó bhí mé i mo mhac léin ollscoile, ar a dhéanaí. Is cuid de mo chuid féiniúlachta é an radharc seo, ar shlí; fear óg cathrach ina áit dhúchais, ina chompord ina shaol. 

Níl ann ansin ach taobh amháin den gcineal duine iltaobhach is ea mé na laethanta seo. D’éirigh mé i mo gym bunny; ag dó an mheáchain bhreise a chuir mé orm le linn na paindéime, agus mé feargach liom féin, braon den gcineál coirp a bhí agam. D’éirigh mé páirteach le club rugbaí aerach nua, ag traenáil agus ag foghlaim conas an spórt a imirt. Tharla rudaí móra eile le linn na tréimhse chéanna a raibh tionchair mhóra orm; d’fhág mé mo pháirtnéir, bhog mé amach as ár dteach féin, isteach chuig árasán i lár na cathrach, agus thosaigh mé caibidil saoil úr. Tháinig an meascán mhothúchán leis na hathruithe siúd, ach den chuid is mó, d’fhás mé tríd. 

Ach bhí taobh amháin díom nár mhair, sílim. 

“Is ealaíontóir thú” arsa mo bhuachaill nua Ceanadach liom le déanaí, agus é ag déanamh trácht, lán iontais, faoi mo chuid scríbhneoireachta agus oibre sna meáin. Ach níor luí sé i gceart liom, mar ní aithním an taobh sin díom ionam a thuilleadh. Mhothaigh mé, agus faic fágtha lena chruthú nó lena scríobh; go raibh an t-ealaíontóir marbh, agus anois go raibh an gnáthdhuine seo beo ina ionad. 

Bheadh cuma bhrónach air sin, b’fhéidir, ach ní mhothaím a leithéid. Beagán trua, b’fhéidir, ach caithim bheith ionraic liom féin; céard is ealaíontóir (d’aon chineál) ann gan chúis? Muna bhfuil faic le rá agat trí do chuid ealaíne, céard is fiú ann?

Murab ionann agus ealaíontóir, ar féidir leo ealaín a chruthú ar son na healaíne amháin agus gan phionte nó gan teachtaireacht, ní mór do scríbhneoir pointe a bheith acu le focail a chur ar phár. Le déanaí, chuireadh ceist orm má bhí aon rud á scríobh agam, agus an fhírinne lom ná nach bhfuil, mar níl faic le rá agam. Nílim paiseanta go leor faoi hábhair faoi leith le teacht ar ais chuig an mblagadóireacht, an gcolúnaíocht, nó an iriseoireacht. Níl aon scéal ficsin á chur le chéile i mo cheann. Níl an fhilíocht ag teacht chugham níos mó. Tá an fhoinse tirim.

Mór an trua. Tuigim go bhfuil bua na scríbhneoireachta agam, go bhfuil Gaeilge mhaith agam, gur féidir liom a bheith an-chruthaitheach. Ach ag an am céanna, táimse sásta le mo shaol mar atá sé faoi láthair. Táim sásta le mo phost don chéad uair le fada. Táim sásta le mo chuid sláinte. Táim sásta leis an saol sóisialta dá bhfuil agam na laethanta seo.

…ach céard a tharlaíonn do scríbhneoir a chuireann síos an peann?

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: