Léirmheas: “An t-Iriseoir” le Michelle Nic Pháidín

Foréigean sa bhaile, dochar na ndrugaí, caidrimh bhriste, cairdeas buan. Tá go leor ar siúl in An tIriseoir, an chéad úrscéal de chuid Michelle Nic Pháidín, arna chur i gcló ag Cois Life.

Díríonn an scéal nua seo ar Bhríd, iriseoir díograiseach as Tír Chonaill atá tar éis post úr a thógáil le nuachtán mór i mBaile Átha Cliath. Iriseoir cumasach atá inti, de réir an méid daoine san oifig a bhfuil éad orthu í a fheiceáil. Go gairid i ndiaidh di tosnú sa phríomhchathair, áfach, iarrtar ar Bhríd dul abhaile chun scéal mór coiriúlachta a chlúdach don nuachtán. Is ar ais sa bhaile a chaithfidh sí déileáil le níos mó ná a cuid oibre; ní mór do Bhríd déileáil lena mac óg nach labhraíonn léi; déileáil lena máthair féin atá iontach buartha faoina hiníon agus a garmhac; agus déileáil leis an saol a d’imigh sí uaithi, nuair a thug sí aghaidh chun na cathrach móire. Continue reading “Léirmheas: “An t-Iriseoir” le Michelle Nic Pháidín”

Seanchara (Dán/Poem)

Is fada é, ó chonaic muid a chéile;
Ach anois, suíonn tú,
Ag fanacht orm sa chaifé,
Cupán páipéir i do lámha agat.

Éiríonn tú mar a shiúlaim chugat,
Le dlúthbharróg a thabhairt dom
Ach in ainneoin na hiarrachta,
Is folamh é – tús na haithrise.

It’s been a long time, buddy“,
A dheireann tú liom;
Leasainm, lena thaispeáint
Nach raibh tú sásta lenár gciúnas.

Tosaímse ag déanamh tuairisce
Ar an gcúis go bhfuilim sa bhaile;
Ag caint faoi chúrsaí oibre
Agus nithe eile ar dhromchla an tsaoil.

Amharcaim ort, mar
Is beag a d’athraigh tú;
Beagáinín níos sine,
Do chuid gruaige níos gile ‘nois.

Tionchar ar do bhlas cainte
Ó do leath eile cathrach;
Blas ár n-áite dúchais
Beagnach dochloiste uait.

Fad is a bhí tú
Ag caint faoi scéalta is stair
Ar nós eipeasóid fhicsin a chaill mé,
Tugaim faoi ndeara

Gurbh ionraice mé dúinn
Ná an iarracht seo anois,
Gan againn ach ár gcuid óige
Ina nasc leochaileach, lag.

Nócha nóiméad cainte
Ag éisteacht le dráma do shaoil;
Admhaíonn tú féin é
Gur gnáthrud duitse é sin.

Níl mise ró-dhifriúil, ar shlí,
Agus déanaim machnamh mall
Ar na scéalta móra a insint,
Ach deirim liom go bhfuil siad róluachmhar duit.

Druideann an t-am,
Ár gcuid caife ólta,
Barróg fuar eile
Chun slán eile a fhágáil

Agus ag spéir ag caoineadh
In ómós dár gcairdeas:
Curtha faoi dheireadh faoin bhfód.

Baile Átha Cliath, 6 Feabhra 2017 

(Íomhá clúdaigh: Pixabay)

Ag Éalú na Cathrach

Shuí mé taobh leis an bhfuinneog, ag fanacht chun an traein a fhágáil ó stáisiún Nottingham, agus chun an turas go Londain a thosnú. I ndiaidh cúpla lá liath scamallach, bhí tráthnóna na hoíche sin go breá; ó spéir ghorm, go spéir rua, nuair a d’éirigh sé níos dorcha, le nóiméad corcra le feiceáil sa chlapsholas. Continue reading “Ag Éalú na Cathrach”

Dia Linn…?

Fuair muid cuireadh ó chomhghleacaí liom, chun freastal ar ócáid chárail Nollag in eaglais áitiúil i Nottingham. Bhí a fhios agam go raibh mo pháirtnéir ceanúil ar chárail Nollag, agus cheap mise go mbeadh sé go deas dúinn rud éigin difriúil a dhéanamh ar oíche fhionnuair Dhomhnaigh ag tús na Nollag, mar sin chinntigh muid chun dul.

Críostaí cleachtúil is ea mo chomhghleacaí. Tá sí ina ball d’eaglais i gcathair Nottingham, agus tréadaí (pastor) is ea a hathair. Tugann sí ‘Críostaí’ uirthi anois is arís, i gcomhthéacs chur síos a dhéanamh ar imeacht shóisialta, ar thuras a dhéanamh le cairde, nó fiú agus í ag caint faoin méid a rinne sí thar an deireadh seachtaine. Mar aindiachaí, is annamh dom teacht ar dhuine ar chomhaois liomsa, a bhfuil an Chríostaíocht ina cuid lárnach dá s(h)aol. Leis an gcara áirithe seo, sin mar atá. Continue reading “Dia Linn…?”