Ar Thóir na Gàidhlig

In ionad siamsaíochta agus pobail atá lonnaithe idir siopaí Morrisons, Lidl, agus an McDonalds áitiúil, tá cúig phóstaer crochta ó shíléar an halla. Tá “D’Alba” deartha amach i litreacha móra ar an bpóstaer atá thar an bhfáiltiú, fógra ar son an chainéil Ghàidhlig, BBC Alba. Ar na póstaeir eile, táthar ag iarraidh daoine na háite a mhealladh chun an teanga dúchais a fhoghlaim, bíodh ar son a gcuid páistí í, nó ar a son féin. Níl an fhógraíocht Ghàidhlig seo ina n-aonar, mar tá roinnt mhaith fógra le feiceáil timpeall an cheantair. Is cosúil, de réir an méid atá thart, go bhfuil teanga na nGael beo go fóill in Albain. Continue reading “Ar Thóir na Gàidhlig”