Cuairt ar an Pop Up Gaeltacht

“An bhfuilim san áit cheart?”

B’shin tús leis. Bhí mé díreach tar éis an teach tábhairne, The Abbey Tavern, a aimsiú, nuair a shiúil mé amach chuig an gairdín cúil, áit a raibh bord adhmaid, ceathrar ina suí taobh leis, agus fógra tharstu: “Pop Up Gaeltacht”. B’í mo chúigiú oíche í i gCorcaigh, agus mo chéad imeacht Ghaeilge i mo chathair nua. Continue reading “Cuairt ar an Pop Up Gaeltacht”

Ag Aistriú Abhaile

20170628_161119-EFFECTSBhíos ag súil go mór le teacht thar n-ais go hÉirinn le roinnt mí anuas. Mhothaigh mé go raibh mo chuid ama i Sasana ag teacht chun deiridh, agus go raibh sé in am dom agus do mo bhuachaill teacht abhaile chun saol nua a thosnú i gCorcaigh. Bheadh go leor ann chun ár súile a choimeád i dtreo na todhchaí, agus cúis chéiliúrtha a bheadh ann.

Cúpla lá i ndiaidh dom bogadh isteach san árasán nua, cúpla nóiméad amach ó chathair Chorcaí, táim go sona sásta, agus mé fós ag céiliúradh, ach céiliúradh ciúin atá ann. Continue reading “Ag Aistriú Abhaile”