In ionad siamsaíochta agus pobail atá lonnaithe idir siopaí Morrisons, Lidl, agus an McDonalds áitiúil, tá cúig phóstaer crochta ó shíléar an halla. Tá “D’Alba” deartha amach i litreacha móra ar an bpóstaer atá thar an bhfáiltiú, fógra ar son an chainéil Ghàidhlig, BBC Alba. Ar na póstaeir eile, táthar ag iarraidh daoine na háite a mhealladh chun an teanga dúchais a fhoghlaim, bíodh ar son a gcuid páistí í, nó ar a son féin. Níl an fhógraíocht Ghàidhlig seo ina n-aonar, mar tá roinnt mhaith fógra le feiceáil timpeall an cheantair. Is cosúil, de réir an méid atá thart, go bhfuil teanga na nGael beo go fóill in Albain. (more…)