Foréigean sa bhaile, dochar na ndrugaí, caidrimh bhriste, cairdeas buan. Tá go leor ar siúl in An tIriseoir, an chéad úrscéal de chuid Michelle Nic Pháidín, arna chur i gcló ag Cois Life.
Díríonn an scéal nua seo ar Bhríd, iriseoir díograiseach as Tír Chonaill atá tar éis post úr a thógáil le nuachtán mór i mBaile Átha Cliath. Iriseoir cumasach atá inti, de réir an méid daoine san oifig a bhfuil éad orthu í a fheiceáil. Go gairid i ndiaidh di tosnú sa phríomhchathair, áfach, iarrtar ar Bhríd dul abhaile chun scéal mór coiriúlachta a chlúdach don nuachtán. Is ar ais sa bhaile a chaithfidh sí déileáil le níos mó ná a cuid oibre; ní mór do Bhríd déileáil lena mac óg nach labhraíonn léi; déileáil lena máthair féin atá iontach buartha faoina hiníon agus a garmhac; agus déileáil leis an saol a d’imigh sí uaithi, nuair a thug sí aghaidh chun na cathrach móire. Continue reading “Léirmheas: “An t-Iriseoir” le Michelle Nic Pháidín”