Gaeilge

Bliain, Turais, agus Dánta Nua

Tá mé díreach tar éis teacht abhaile go hÉirinn i ndiaidh deireadh seachtaine a chaitheamh le mo pháirtnéir agus roinnt dá theaghlach i bPorto na Portaingéile. Ba í mo chéad uair í sa chathair áirithe sin, ach is minic a thug mé cuairt chun na Portaingéile le mo pháirtnéir chun cúpla lá saor a thógáil ón ngnáthshaol in Éirinn. An uair seo, chuir Porto iontas agus gliondar orm, mar ní rabhas ag súil le háilleacht na hailtireachta, an dea-atmaisféar ar na sráideanna agus an dea-aimsir freisin. Bíonn iontas orm le gach aon turas a thógann muid sa Phortaingéil, agus ba cheart dom níos mó a fhoghlaim faoin gcultúr agus an teanga s’acu.

Tá seal caite agam i San Diego sa mhí seo freisin, áit a bhfuil clú agus cáil air mar áit, nach bhfaigheann ach cúpla lá báisteach in aghaidh na bliana. Bhuel, chonaic mise ceithre lá báisteach sa chathair sin, le haimsir a bhí níos cosúla leis an gCabhán ná California. Fós, bhí sé suimiúil tuilleadh ama a chaitheamh i Meiriceá, ach bheinn sásta fanacht san Eoraip go dtí an Samhradh ar a luaithe.

Ó bhí mé in Albain (an uair dheireanach agus blog scríofa agam, ‘Dhiabhail!) bhí sos deas agam um Nollag, agus cúpla turas thar lear ar nós California agus na Portaingéile. Beidh go leor taistil romham sa bhliain nua freisin, idir imeachtaí oibre agus laethanta saoire leis féin, mar a déarfá. Táim ag an staid seo anois i mo shaol, nuair atá slí beatha agam a bhí á thastáil uaim le fada.

Idir na heitiltí agus na bronntanais Nollag, bhí go leor deiseanna agam beagán scríbhneoireacht a dhéanamh, freisin. Tá roinnt mhaith filíochta úir cumtha agam le déanaí, a bheidh mar chuid de mo chéad chnuasach eile, Elysium, a bhfuil fonn orm a sheoladh roimh dheireadh na bliana seo. I gcomparáid le Fás | Growth, beidh na dánta sa dara chnuasach seo go hiomlán dátheangach, agus táim ag súil go mór leis na dánta nua seo a bhailiú le chéile, leis an chéad chéim eile a thaispeáint don domhan mór. Tá seans ann fosta chun tionscadal filíochta a dhéanamh leis an bhfile Sasanach, Marcas Mac an Tuairneir, níos déanaí i mbliana, ach tá muid ag obair ar na sonraí beaga go fóill.

Tá go leor ar siúl i mo shaol féin, fosta. Thug mé detox ó na meáin shóisialta, a d’éirigh le bheith ina makeover. Bhí mé ag éirí braon de bheith (beagáinín) róthrom ó thaobh meáchain de, agus thit mo chuid féin-mhuiníne mar gheall air. Ní cheapaim go bhfuilim gránna, per se, ach tuigim gur féidir liom a bheith i bhfad níos aclaí, agus cúram ceart a thabhairt dom féin. Tá tús ceart curtha agam leis sin, agus mé ag rith leis na Frontrunners Cork anois. Agus mé thar lear (mar a bhí cheana féin in Eanáir), is féidir liom rith liom féin, ach táim chun sár-iarracht a dhéanamh rith leis na leaids i gCorcaigh agus mé sa bhaile, mar is iontach an grúpa iad.

Tá mo shaol difriúil go leor sna laethanta seo ná mar a bhí sé nuair a bhí Dialann Scott á scríobh agam mar dhéagóir, nó nuair a bhí mé ag iarraidh mé féin a ‘chur amach ansin’ ar an stáitse mar chraoltóir. Ach anois, ag (beagnach) 31, nílim á dhéanamh sin, agus níl aon fhonn orm, ach an oireadh. Táim an-shásta chun post (ar aoibhinn liom!) a dhéanamh, mo shaol a roinnt le mo ghrá geal, éalú thar lear gach uair ar féidir liom, agus an corr-phíosa scríbhneoireachta/filíochta a dhéanamh pé uair a bhuaileann an fonn orm.

Níl an chéad mhí den mbliain críochnaithe againn, fiú, ach táim cinnte go leor go mbeidh mé níos sásta le mo shaol i mbliana. Agus, táim ag tnúth leis an gcruthaíocht, leis an taisteal, agus leis an áthas atá romham. Tá súil agam go mbeidh tusa sásta, freisin – pé áit ina bhfuil tú ar an domhan agus i do shaol.

Standard
Gaeilge

Ar Thóir na Gàidhlig

In ionad siamsaíochta agus pobail atá lonnaithe idir siopaí Morrisons, Lidl, agus an McDonalds áitiúil, tá cúig phóstaer crochta ó shíléar an halla. Tá “D’Alba” deartha amach i litreacha móra ar an bpóstaer atá thar an bhfáiltiú, fógra ar son an chainéil Ghàidhlig, BBC Alba. Ar na póstaeir eile, táthar ag iarraidh daoine na háite a mhealladh chun an teanga dúchais a fhoghlaim, bíodh ar son a gcuid páistí í, nó ar a son féin. Níl an fhógraíocht Ghàidhlig seo ina n-aonar, mar tá roinnt mhaith fógra le feiceáil timpeall an cheantair. Is cosúil, de réir an méid atá thart, go bhfuil teanga na nGael beo go fóill in Albain.  Continue reading

Standard
Gaeilge

Céard is Brí le Bheith ‘Sa Bhaile’?

Luí an sneachta go séimh ar na goirt, na faichí, idir na crainn, agus na portaigh dá raibh le feiceáil ó fhuinneoga na traenach. Ag an am sin den tráthnóna, ba ghile an talamh ná an spéir, mar a d’éirigh na scamaill dhobhriste liatha níos dorcha le teacht na hoíche agus deireadh sholas an lae. Nuair a chuaigh an traein go rí-thapaidh trí bhaile beag, ba chuma air go raibh achan duine ann i bhfolach, ag lorg tearmainn ina dtithe féin, nó sa teach tábhairne teolaí.  Continue reading

Standard
Gaeilge

Bua Búdaipeist

Caithfidh mé a bheith ionraic; ní raibh mórán eolais agam faoi Bhúdapeist sula ndearna muid an cinneadh chun saoire a chaitheamh ann leis an leath eile agus ceathrar chara Briotanach i lár Lúnasa. Chuala mé gurbh chathair álainn a bhí inti, agus fadó fadó, dhá bhaile a bhí inti, Buda ar thaobh amháin den Danóib, agus Pest ar an taobh eile. Bhí a fhios agam go raibh tréimhse ann nuair a bhí an Ostair agus an Ungáire fite fuaite lena chéile leis an Impireacht a bhí acu. Bhí a fhios agam freisin gur teanga iontach deacair a bhí ann san Ungáiris, agus in ainneoin mo bhua do theangacha, bheinn chomh caillte le haon turasóir eile sa tír. Seachas iad siúd, b’shin an méid a bhí ar eolas agam faoi Bhúdapeist.  Continue reading

Standard