Fás, Bás, agus Athfhás

Torremolinos na Spáinne

“Táim sásta….” – sílim go bhfuil d’fhadhb aimsithe agat, cruatan, imní agus fearg a chuireann peann ar phár – ní sástacht!

Scríobh mé tamall ó shin gur shíl mé go raibh mo chuid ama mar scríbhneoir caite agam; nach raibh aon inspioráid ag teacht chugam le fada an lá, agus gur bhraith sé nach dtiocfadh sé choíche arís.

Nuair a roinn mé mo chuid mothúchán ar-líne, dúirt Gaeilgeoir eile le bua na scríbhneoireachta, Ciarán Dunbar, an méid thuas liom. Shíl mé go raibh an ceart aige; bhí mé sásta le mo shaol agus le gach a raibh agam ann. B’fhéidir, cheap mé, nach raibh faic fágtha le scríobh agam mar bhí mé déanta leis an scríbhneoireacht. Cúig leabhar foilsithe agam; éacht bainte amach agam, agus táim saor anois chun tabhairt faoin chéad dúshlán eile.

…nó an ea?

Tá go leor tar éis athrú i mo shaol le 12-13 mí anuas, agus cé go bhfuilim níos áthasaí agus níos ‘saoire’ ná mar a bhraith mé le tamall anuas, braithim fonn na hinspioráide ag teacht ar ais chugam.

D’aimsigh mé leabhar iontach sa siopa tamaillín ó shin dar teideal Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnston, agus cé nach bhfuil sé críochnaithe agam go fóill, is breá liom é. Tá a stíl scríbhneoireachta díreach agus simplí, neamhfhoirmeálta ach breá mion ag an am céanna. Chuir sé mana i gcuimhne dom a bhí mar bhunchloch scríbhneoireachta dom; “Scríobh faoina bhfuil ar eolas agat”. Déanann Johnston é seo go foirfe; ag oscailt a dhomhain don léitheoir, gan iarracht nó dráma ollmhór a dhéanamh as. Déanann sé go héasca é, agus is é sin spraoi na léitheoireachta ann.

Chuir a leithéid an t-úrscéal le North Morgan, Into?, i gcuimhne dom, fosta. Is an-difriúil iad na leabhair, ach séard atá i gcoitinn eatarthu ná an mana céanna, ag impí ar an údar chun scríbh faoina bhfuil ar eolas acu. Cé gur ficsean atá ann san úrscéal le Morgan, tá go leor leor tar éis teacht ón bhfíorshaol agus curtha isteach, ábhar a mbeadh aithne ag léitheoir áirithe ar an scene aerach i Meiriceá Thuaidh agus tíortha an Iarthair, Éire ina measc.

N’fheadair cén splanc inspioráide a tháinig chugam le déanaí, ach thosaigh mé ag scríobh dom féin don chéad uair le fada; sliochtanna ionraice, bunaithe ar eachtraí a tharla i mo shaol. Nílim cinnte fós an gcuirfidh mé le chéile iad le leabhar a fhoilsiú, nó an athróidh mé iad le cruth ficsin a chur air, ach táim ag baint sult as an bpróiseas pé scéal é. Tá sé ar nós teiripe dom, agus tá rud éigin ag baint leis a ligeann saor mé, ar nós faoistin a dhéanamh. Agus mé á dhéanamh seo i nGaeilge, tá rud éigin nádúrtha faoi, ar nós go bhfuilim ag insint mo scéil féin i mo theanga féin, ar bhealach a dhéanann mo chuid scríbhneoireachta speisialta.

Nach raibh sa tréimhse ciúin sin ach tréimhse athfháis.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: