Gaeilge

Gearrscéal: An Dordveidhil

Ba é an chéad dordveidhil a fuair Ciara ná an ceann céanna is a bhí ag a seanmháthair; í ina dordveidhleadóir le ceolfhoireann i bPáras, tráth. Tugadh L’Étoile d’Irlande – réalt na hÉireann – uirthi i measc lucht an cheoil sa Fhrainc agus i gcuid mhaith eile na hEorpa. Bhí clú uirthi mar dhordveidhleadóir den chéad scoth, ó Rann na Feirste go dtí an Róimh agus ó Chonamara go Cív. Nuair a d’éirigh sí as a bheith ina ceoltóir proifisiúnta, thug sí a ‘leanbh’ – dordveidhil a rinneadh i bPáras – do Chiara mar bhronntanas dá hochtú breithlá déag. Faoin am sin, bhí Ciara ag seinnt leis an gceolfhoireann náisiúnta agus bhí sí ag cleachtadh le haghaidh éisteachta do cheolfhoireann i Londain. Bhí sí cinnte dearfa go raibh sí chun céimeanna a seanmháthar a leanúint, agus dul níos faide ná mar a chuaigh sí féin.

Cúpla bliain níos déanaí, bhí Ciara de Faoite cúrtha fuithi i Londain, í ina cónaí lena buachaill agus ag éirí go han-rathúil i ndomhan an cheoil Chlasaicí – i measc na mBriotanach ach go háirithe. Ar an mhaidin fhuar gheimhriúil úd i Rann na Feirste, áfach, bhí sí le cúpla port a sheinnt do phobail an bhaile, ach ní bheadh sé ina cheolchoirm.

Os chomhair an phobail in eaglais an bhaile, thosaigh sí ag smaoineamh faoin lá a fuair sí an nuacht. B’fhíor-dheacair dá máthair an drochscéal a insint di, ach ba dheacra fós é a chloisteáil, go háirithe agus í chomh fada sin uaithi nach raibh sí in ann compórd ar bith – barróg, fiú – a thabhairt dá chéile. Ina ionad sin, ní raibh ina chompórd ach glórtha a chéile agus iad beirt ag gol.

Thosaigh sí ag smaoineamh faoin uair dheireanach a chonaic sí í, agus í beo. Bhí sí ag cleachtadh píosa brónaí ar dhordveidhil nua a fuair sí féin mar bhronntanas ó hAmbasáid na hÉireann i bParás nuair a d’éirigh sí as. Sarabande le Bach a bhí á sheinnt aici agus Ciara ag siúl isteach sa teach i Rann na Feirste. Bhog sí ó thaobh go taobh leis an ndordveidhil agus í ag seinnt, soir is siar ar nós go raibh sí ag caoineadh in ómós do dhuine. A fear chéile, b’fhéidir, a d’imigh uainn deich mbliana roimhe. Nó a mac – uncail Ciara – a fuair bás i dtimpiste gluaisteáin agus Ciara ina cailín an-óg. Bhí go leor le caoineadh faoi ag a seanmháthair, ach ní raibh sé le feiceáil ach amháin nuair a sheinn sí an dordveidhil.

Shuí sí síos i gcathaoir adhmad os comhair mhuintir an bhaile, agus chuir sí dordveidhil a seanmháthar os a comhair. Phioc sí an bogha suas as an mbosca ina lámh dheis, agus thosaigh sí ag seinnt Sarabande. Bhí céad duine – pobal an bhaile ar fad agus corrdhuine a raibh aithne acu uirthi ó dhomhan an cheoil – i láthair san eaglais chun slán a fhágáil don Étoile, ach ní fhaca Ciara éinne ach í féin, ina luí go suanmhar sa chónra dharach oscailte. Bhog Ciara go mall ó thaobh go taobh ina cathaoir leis an ndordveidhil, mar a bhog a seanmháthair tráth i bPáras, gléasta go hálainn do cheolchoirmeacha mhóra árdnósacha.

Mhothaigh Ciara gach nóta ar nós go raibh sí ag insint scéal a Mamó, bíodh áthasach nó brónach é. Chrith a méara ach lean an ceol ar aghaidh gan fhadhb gan stopadh, ar nós go raibh Mamó á treorú go dtí an deireann. Lean na deora fad is a lean an ceol ón uirlis mhór, ach níor stop sí riamh. Bhí Mamó ann, agus bhí sí sásta agus bródúil as a gariníon. Bhí a fhios aici faoin méid sin – bhí sí cinnte de. Mhothaigh sí lámh clé a Mamó ar a gualainn dheis, á moladh, cé go raibh a corp fós sínte amach sa chónra. Ba chuma le Ciara faoin gcónra, bhí sí ar bís – in ainneoin na ndeor – go raibh Mamó ag éisteacht.

Agus d’éist Ciara féin, mar a d’éist sí léi agus í á sheinnt. Bhí Mamó ann. Fós ina ceoltóir den chéad scoth.

25 Deireadh Fómhair 2010

Standard
Gaeilge

Gearrscéal: Caife

Dóibh siúd a thabharfadh faoi ndeara í, bhí cuma deas go leor ar Áine. Bheadh an blús bán iarnáilte go deas aici; cnaipe amháin ar oscailt chun a muinice airgid a thaispeáint. Uaireadóir airgid ar chaol a láimhe chlé, brístí dubha agus bróga dubha dheasa. Bheadh a cuid gruaige déanta suas aici go stíleach freisin, don chuid is mó den am. Bhí sí stíleach, agus shíl sí féin go raibh sí cairdiúil do dhaoine – nó bhí súil aici go raibh an chuma sin uirthi.

Continue reading
Standard
Gaeilge

Líonfaimis an Bhearna idir Gaeltacht is Galltacht

Déanfaidh mé sár-iarracht anseo gan aon cliché faoin nGaeltacht – na cinn a fheiceann tú in aon aiste ollscoile – a úsáid anseo. Tá an cás níos práinní agus tábhachtaí chun a leithéid a dhéanamh. In ionad sin, déanfaidh mé iarracht tabhairt faoin bhfadhb agus, más féidir, an réiteach. 

Continue reading
Standard
Gaeilge

Ní Bheidh AthGhaelú Éasca, Ach…

Ó thús na gluaiseachta Gaelaí, nuair a bhí grúpaí áirithe ag ullmhú agus ag impí ar thacaíocht an phobail ar son an neamhspleáchais, bhí ról cumhachtach ag an teanga, a cuid litríochta ársa agus chomhaimseartha, agus ar mhuintir na Gaeltachta, réigiún a bhí i bhfad níos láidre ná mar atá sí inniu. Bhí cumhacht faoi leith ag an bhfocal “Éire”, go háirithe nuair a chuireadh íomhá Éiru – nó Hibernia – os comhair an phobail mar spéirbhean chróga álainn, í ina siombal náisiúnta. Chuir gluaiseacht athbheochan na Gaeilge neart leis an íomhá finscéalaíoch sin, agus bhí muintir na hÉireann in ann glacadh leis an gcoincheap.

Continue reading
Standard
English, Gaeilge

Poem: Be Still / Fan Socair

Irish version below / Leagan Gaeilge thíos

Be Still

How bizarre for us all 
this silence seems to be 
instead of the rush 
of cars, calls, or crowds 
from place to place 
without a single destination in mind 

As if someone, somewhere 
raised an alarm – 
the Earth herself pleading 
for a moment's rest, 
to catch one's breath 
and let the skies clear. 

And what harm? 
If we, silent, are safe 
we have this chance 
to see speed is not the saviour, 

but humanity. 

Fan Socair

Is aisteach dúinn 
an ciúnas seo 
In ionad na tráchta, 
na cainte, na sluaite 
ag dul timpeall na háite 
gan sprioc ach chun luas a choimeád. 

Ar nós gur ardaíodh 
aláram – 
an Domhan é féin ag impí 
orainn sos a ghlacadh 
chun anáil a tharraingt
fad is a ghlantar an spéir. 

Agus cén dochar? 
Más slán sinn, 
tá deis againn 
a fheiceáil nach é luas an laoch 

ach an daonnacht.

Cork / Corcaigh
31 March/Márta 2020

Standard