Déanfaidh mé sár-iarracht anseo gan aon cliché faoin nGaeltacht – na cinn a fheiceann tú in aon aiste ollscoile – a úsáid anseo. Tá an cás níos práinní agus tábhachtaí chun a leithéid a dhéanamh. In ionad sin, déanfaidh mé iarracht tabhairt faoin bhfadhb agus, más féidir, an réiteach.
Níl aon dabht ann go bhfuil teipthe ag an Stát – ní amháin aon rialtas faoi leith, ach achan ceann acu – ar an nGaeilge agus na Gaeltachtaí. Ó thús ghluaiseacht na Gaeilge, tá an ghníomhaíocht is luachmhara agus is tábhachtaí bainte amach ag an bpobal seachas an Stát; ghluaiseacht Theilifís na Gaeilge (mar a tugadh air ar dtús), gluaiseacht na nGaelscol, gluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta, gluaiseacht Bhóthar na bhFál, agus gluaiseachtaí áirithe na meán Gaeilge. Agus, dar leis an gclár Gaeltacht | 2020 a chraoladh ar TG4 le déanaí, níl ach 17,000 duine sa tír seo a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den gcóras oideachais.
Níl mise mar dhuine acu, faraor. Tá cónaí ormsa i mbruachbhaile i dteach le mo pháirtnéir – nach bhfuil ach beagán Gaeilge aige – agus tá post agam i gcomhlacht teicneolaíochta a thugann deis níos mó dom mo chuid Danmhairgise nó Fraincise a úsáid ná Gaeilge, ach gurb é Béarla an phríomhtheanga oibre, araon le haon comhlacht ilnáisiúnach eile. Mar sin, ní bhainimse úsáid as an nGaeilge ach amháin má táim ag léamh nó ag scríobh (agus an fhonn orm) nó má táim ag caint le cúpla cara ó mo laethanta ollscoile. Mionteanga atá ann i mo shaol féin, gan trácht ar an tír go léir.
Seachain an Bhearna
Séard a bhí scanrúil, áfach, ná cé chomh leochaileach is atá an Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Mar fhear Galltachta, is féidir dearmad a dhéanamh ar an gcruachás ina bhfuil sí, ach is ábhar buíochais é a leithéid de chláracha TG4 lena leithéid a chur ar ais i gcuimhne.
Rith sé liom, áfach, gurb é an bhearna tuisceana idir muintir na Galltachta agus éigeandáil na Gaeltachta (mar is cinnte gur éigeandáil atá ann) ina bhac tacaíochta nó airde. Cad chuige go mbeadh teachtaí dála – cibé cineál rialtais a bheidh againn don Dáil nua – buartha faoi bhás na Gaeltachta, nuair atá a fhormhór dóibh ag freastal ag lucht an Bhéarla, agus gan ach mionlach a vótálaithe fágtha sna bailte beaga Gaeltachta?
Muna dtuigeann pobail na Galltachta aon rud faoin imní láidir dá bhfuil ag muintir na Gaeltachta, conas ar chóir d’éinne sa rialtas réiteach praicticiúil a aimsiú, gan é a ligint do dhuine éigin eile?
Trasna an Teorainn
Ní hé, mar sin, nach féidir le lucht an Bhéarla labhairt le muintir na Gaeltacht ná pobal na Gaeilge a thuiscint, ach nach bhfuil spéis acu. Cé go ndeirtear go bhfuil muid “all in this together” le linn na paindéime seo, caithfear bheith sách ciniciúil leis an bhfírinne a fheiceáil. Mar náisiún, bhí dhá phobal buan againn ón 14ú Aois ar aghaidh; pobal na Gaeltachta agus pobal na Galltachta. Is féidir le Gaeilgeoirí a bheith fite fuaithe sna bailte Galltachta, agus is féidir le daoine gan Gaeilge (bíodh Éireannaigh ná eile iad) cur fúthu sa Gaeltacht, ach tá an bhearna shóisialta chéanna ann in Éirinn ón am roimh na péindlithe, fiú. Ciallaíonn easpa tuisceana easpa spéise, agus cé go gcabhraíonn a leithéid de chláracha faisnéise ar nós Gaeltacht 2020 chun an teachtaireacht a scaipeadh, caithfear a thuilleadh a dhéanamh chun an bhearna sin a líonadh agus talamh úr a fhorbairt as.
Tosaíonn an obair sin le gníomhachtaí pobail agus polaitiúla. Tosaíonn sí leis an Ghaeltacht a chur i láthair mar áis luachmhar phobail, ní amháin don bpobal áitiúil ná do na contaetha ina bhfuil an Ghaeltacht suite, ach an náisiún uilig ó Bhinn Éadair go Cathair Saidhbhín. Tosaíonn sí le lucht gnó na Gaeltachta a thacú trí thraenáil, ghréasáin thionscail, agus mhargaíocht, le gur féidir leis na comhlachtaí sin dul i dteagmháil le custaiméirí ná cliaint nua. Tosaíonn sí le comhoibriú le lucht na Galltachta chun an infrastruchtúr cuí a fháil i gceart agus go tapaidh sna ceantair tuaithe ar mhaithe le gach éinne, ní amháin pobal na gcathracha.
Tosaíonn sé le smaointiú ar dhaoine eile, mar is é sin bunús aon phobail.
Leave a Reply