Dán: Sensommer

Tá laethanta ann ina bhfuil 
an t-aer úr glan 'gus éadrom 
is sonas na ndaoine le mothú 
le teas na gréine ar do chraiceann. 

Súigh isteach go mall é sin; 
ar nós fíona milse a roghnaíodh 
go cúramach dod' theanga is d'anam 
le blas an tsamhraidh a fhanfadh leat go brách 

Mar thiocfaidh gan dabht 
laethanta níos fuaire 
nuair a chuirfidh na cuimhní siúd 
suaimhneas ort, compord séimh 
agus an lá ag teacht chun deiridh. 

Corcaigh, 6 Meán Fómhair 2023

Nóta: Ciallaíonn "sensommer" deireadh an tsamhraidh as Danmhairgis. 

Leave a comment