Ar Thóir na Gàidhlig

In ionad siamsaíochta agus pobail atá lonnaithe idir siopaí Morrisons, Lidl, agus an McDonalds áitiúil, tá cúig phóstaer crochta ó shíléar an halla. Tá “D’Alba” deartha amach i litreacha móra ar an bpóstaer atá thar an bhfáiltiú, fógra ar son an chainéil Ghàidhlig, BBC Alba. Ar na póstaeir eile, táthar ag iarraidh daoine na háite a mhealladh chun an teanga dúchais a fhoghlaim, bíodh ar son a gcuid páistí í, nó ar a son féin. Níl an fhógraíocht Ghàidhlig seo ina n-aonar, mar tá roinnt mhaith fógra le feiceáil timpeall an cheantair. Is cosúil, de réir an méid atá thart, go bhfuil teanga na nGael beo go fóill in Albain. 

Is é an Gearasdan, nó Fort William sa Bhéarla, an baile is mó agus is giorra don tsliabh is airde sa Bhreatain, Beinn Nibheis. Mar sin, tá an baile suite i gcroílár cheantar na Gàidhealtachd, ach chuirfeadh ainm an cheantair mearbhall ar aon chainteoir Gaeilge, mar ní hionann a’ Ghàidhealtachd agus Gaeltacht Éireannach. Cé go bhfuil Gaeilge na hAlban le feiceáil ar chomharthaí bóithre agus fógraí oifigiúla eile de chuid Chomhlairle na Gàidhealtachd, níl ach 5.5% de dhaonra an réigiúin in ann Gàidhlig a labhairt (i gcomparáid le 52.2 de dhaonra na nEileanan Siar). Sa Ghearasdan, tá méid na gcainteoirí Gàidhlig beagáinín níos airde ná meánlíon na Gàidhealtachd, ar 7.3%. Ach in ainneoin é sin, níor chualathas aon Ghàidhlig le linn an chúpla lá a chaith mé ann le déanaí.

Chuir mé ceist ar chailín a d’oibrigh sa chaifé in Ionad Nibheis, lena fheiceáil má bhí aon fhiúntas ann sa bhfógraíocht Ghàidhlig a bhí crochta thar a ceann. “Ní bhíonn mórán á labhairt timpeall anseo,” a deir sí liom. “Tá Gàidhlig ag m’athair, agus bíonn sé á labhairt má tá sé ar an nguthán lena mhuintir ó na hEileanan [Siar], agus nuair a thugann muid cuairt dóibh, ach sin an méid. Má labhraíonn m’athair Gàidhlig liom, bheinn in ann é a thuiscint, ach níorbh fhéidir liom é a fhreagairt. Comhrá aon-treo a bheadh ann!”

“Múintear a’ Ghàidhlig sa bhunscoil anseo,” arsa comhghlacaí léi, “agus tá ranganna acu san ardscoil fosta, ach ní labhartar í lasmuigh den scoil.”

“Pobal laistigh de phobal atá ann sa phobal Gàidhlig áitiúil anseo”, arsa an chéad chailín, ag tabhairt le fios, nó dóchas, go bhfuil beagán cainteoir timpeall an bhaile, cé go mbéidís dochloiste domsa.

Pobal gníomhach atá ann sa Ghearasdan, agus is fianaise é imeachtaí agus grúpaí de chuid Ionad Nibheis; ceolchoirmeacha, club dornálaíochta, grúpa thacaíocht na mban, agus grúpa LADT+ do cheantar Loch Abar, fiú. Is léir go bhfuil meas ag phobal an Ghearasdain ar an teanga dúchais, freisin, mar is fiú go bhfuil fógraí dátheangacha ag ollmhargadh Morrisons, ag Banc na hAlba, agus ag siopaí beaga an bhaile. Bhí an Mòd Nàiseanta (príomhfhéile Ghaelach na hAlban) ar siúl sa Ghearasdan ocht n-uair ina iomláine, an uair dheireanach ná 2017, agus osclaíodh bunscoil lán-Ghaelach, Bun-Sgoil Ghàidhlig Loch Abar, i 2015. Le daonra 10,000 de réir dhaonáireamh 2001, is cosúil go bhfuil timpeall 730 cainteoir Gàidhlig ann. Muna bhfuil pobal na teanga go mór, láidir, ná glórach sa cheantar, áfach, cén fáth go bhfuil an teanga chomh sofheicthe sin sa Ghearasdan?

“Tá a’ Ghàidhlig ag na seandaoine, agus ag an aos óg,” arsa tiománaí tacsaí liom, é féin ina dhaichidí. “Níor bhac linne leis an teanga ar chor ar bith, agus ba chuma leis an nglúin fúmsa. Ach an glúin fúthu siúd, tá an teanga acu anois, toisc na bunscoile. Níl a fhios agam cé chomh láidir is a bhí an teanga fadó, ach tá spéis ag tuismitheoirí óga inti anois, agus tá siad ag iarraidh go mbeadh Gàidhlig ag a gcuid páistí, cé nach mbeadh sí againne.”

Más é sin an cás, is cosúil go bhfuil an teanga lag go leor sa cheantar, ach tá an Ghaelscolaíocht Albanach ag tabhairt fuinnimh úr don Ghàidhlig. Má thagann méadú suntasach ar líon na gcainteoirí i ndiaidh do pháistí scoile bheith fásta aníos, caithfear féidirtheachtaí a thabhairt don teanga, agus is ar Chomhairle na Gàidhealtachd agus rialtas na hAlban an dualgas sin, chun bunchloch na todhchaí sin a chur ar bun. Idir an dá linn, áfach, gach seans gur chóir dúinn bheith dóchasach don Ghàidhlig.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: